An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Feabhra 10, 1906.
Sgaipimís na Leabhra.
Is minic sinn 'gá áiteamh ar Chonn-
rathóiríbh nach bhfuil aon bhealach chomh
maith chum na Gaedhilge do bhuanughadh
ins na ceanntaraibh Gaedhealacha le
leabhraibh agus páipéaraibh Gaedhilge do
sgaipeadh ar fud na gceanntar
soin. Dá bhféadfaidhe léightheoirí
do dhéanamh dá bhfuil de chainnteoiríbh
sa tír, bheadh an Ghaedhilg as conn-
tabhairt. Is dócha nach féidir léigh-
theoirí do dhéanamh de na sean-chainn-
teoiríbh cé is móite de dhuine fánach.
Acht b'fhurusta léightheoirí do dhéanamh
de na daoinibh óga, acht breith ortha i
n-am. Tá eolas againn féin ar
cheanntar Gaedhealach — is dócha gurab
é an paráiste is Gaedhealaighe i
nÉirinn é — agus is beag teach sa
pharáiste sin nach bhfuil cailín
nó buachaill ann a léigheas agus a
sgríobhas Gaedhilg. Léightear an
CLAIDHEAMH SOLUIS ann cois teineadh
tráthnóna; léightear gach leabhar
Gaedhilge dá dtagann amach; ní hé
sin é amháin, acht tá leabhra ag teacht
chugainn ó'n bparáiste féin. Ní
caillfear an Ghaedhilg sa bparáiste
sin go bráth. Níl an oiread baoghail
uirthi is atá ar an mBéarla i Lonndain.
Dá dtréigfeadh Éire fré chéile an
Ghaedhilg, leanfadh muinntir an phar-
áiste sin di.
An méid do rinneadh i Ros Muc is
féidir é dhéanamh i n-aon pharáiste eile
a bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt ann.
Níl againn le déanamh acht AN
CLAIDHEAMH SOLUIS agus leabhra taith-
neamhacha Gaedhilge do sgaipeadh thall
is i bhfus. Mar adubhairt an “Bheirt
Fhear” le déidheannaighe, níl aon síol
chomh maith le síol na leabhar.