Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tomás na Fallainge Síoda II
Title
Tomás na Fallainge Síoda II
Author(s)
Ní Eaghra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tomás na Fallainge Síoda. II. Is annsin d'éirigh an clampar agus an fothrom dá ríribh. Le linn an torann a bheith ag méadughadh ó mhóiméad go móiméad facthas gur thóg Tomás suas claidheamh an Stáit agus go ndeachaidh sé faoi dhéin an bhuird. Bhí 'ch uile dhuine 'n-a thost annsin. Bhí na huaisle ar crith-eagla agus a n-anam ag preabadh i mbéal a gcléibh le teann faithchís go marbhóchthaoi iad fré chéile. “A thighearna,” arsa Tomás, “tháinig mé annso len' innseacht duit gur cuireadh m'athair dá chois go fealltach meilmeach. Cuireadh an chluain air agus mealladh anonn go Lonndain é. Níl a fhios agam fá thalamh na hÉireann goidé an choir do cuireadh 'n-a leith acht támuid l'éis sinn féin a chur faoi réir le dhul ar mhachaire an dubhshláin le díoghaltas a bhaint amach as ucht a bháis. Is iad tíorántacht agus éagcóir Ríogh Shasana a chuir faoi ndeara dhúinn sin a dhéanamh, acht mar sin féin níor mhaith linn é a bheith ar chumas éinne a rádh go ndearnamar dó-bheart fealltach faoi rún mar dhéanfadh méirleach nó bodach acht gur fhuag- ruigheamar cogadh go madramhail dána os comhair an tsaoghail láimhe mar is cóir do dhaoinibh uaisle agus do shaigh- diúiríbh. Ní liom-sa acht libh-se an claidheamh so. Ghlacas é agus thugas an leabhar nach ndéanfainn úsáid de acht ar bhur son. B'olc an mhaise agam é a thionntódh i nbhur n-aghaidh. Ní beag liom mo chlaidheamh féin mar chosantóir, agus tá muinghin agam as. Ní bheadh in m'Fhear Ionaid do Hannraoi Túdor uaidh seo amach — táim 'mo dhearg- námhaid dó. Bheirim a dhubhshlán agus fuagruighim gráin air. B'fhearr liom cumhacht Shasana a chlaoidheadh 'ná Éire a riaghlughadh ar a shon. B'fhearr liom a dhul i n-a aircis ar mhachaire an chatha agus sásamh a bhaint as le béal mo chlaidhimh 'ná obair Fir Ionaid a dhéanamh faoi n-a spraic. A fhad is bhéas an domhan ar suidheachan béidh a fhios ag an tsaoghal gur fealltóir tútach meilmeach atá san rígh sin.” “Crom Abú,” sgairt Niall Ruadh Ó Cinnéide, bárd Thomáis, a bhrúigh é féin isteach i n-éindigh leis na sead- airibh Gaedhealacha. “An Rí Tomás go bráth,” ghoir na Gaedhil agus sgannruigheadar na huaisle le búrthaighil a nglór. Ar feadh an ama sin ba chosamhail leis go raibh imnidhe mhór ar an tSeansailéar mar ba charaid é do mhuinntir Ghearailt. Fachtas go raibh sé ag fáisgeadh a lámh agus ag seilt na ndeor. Faoi dheireadh thiar thall tháinig sé anuas ó n-a shuidheachan agus rug sé ar láimh ar an nGearaltach. “A Thighearna Tomás,” ars' eisean, “leig do shean-fhear críon caithte cainnt a dhéanamh leat sul má gcuirid tú suas de'n chlaidheamh sin, comhartha d'ughdaráis agus comhartha do dhílseachta do'n Rígh.” Thún sé a chomhairle ar Thomás agus chuir sé impidhe agus athchuinge air, acht ní
raibh aon mhaith dhó leis. Thug Tomás éisteacht na cluaise bodhaire dhó. “Mo chroidhe-chrádh dhíom má loicim,” arsa Tomás. “Ní le comhairle a ghlacadh uaibh a tháinig mé annso, acht le n-a chur i dtuigsint daoibh an nídh atá fúm a dhéanamh. Tá sé de dhualgas orm ómós a thabhairt do'm athair atá marbh. Tá mé an-bhuidheach díbh as ucht bhur gcomhairle, acht tá sí ró-dheir- eannach anois. Maidir leis an tsaoghal atá i ndán dom, glacfaidh mé leis mar is áin le Dia a thabhairt dom, acht b'fhearr liom bás d'fhágháil ag troid go dána ar mhachaire an dubhshláin agus mé 'mo shaor-fhear 'ná maireachtáil go ciúin socair faoi spaic Hannraoi agus mé 'mo sglábhaidhe. Anois, ó thárla nach nglacfaidh sibh uaim an claidheamh so, tá orm a theilgean uaim agus san am céadna táim ag séanadh mo dhualgais agus mo dhílseacht do bhur máighistir Hannraoi.” L'éis sin a rádh dó, theilg sé an claidheamh de thuairt ar an mbórd. Chuir a lucht leanamhna na gártha lúth- gháire asta agus d'éirigh uall-ghol uamhain ó na huaislibh agus ó na heasbogaibh ar a fheiceál dóibh go raibh sé ag baint a chuid éadaigh stáit de agus 'ghá gcaitheamh ar an urlár. Nuair a bhí siad bainte dhe sheas sé os a gcomhair faoi lúireach iomlán agus é 'n-a cheann- aircidhe i n-aghaidh Ríogh Shasana. Thug sé a chúl ar an gCoiste annsin agus siúd amach é féin agus a chuid fear le dhul ar mhachaire an dubhshláin. 'Sé an chéad rud do rinne sé fos- longphort a chur le Baile Átha Cliath agus feadhnach eile dá arm a chur ag triall faoi fhuadar ó dheas le talta agus caisleáin Iarla Ur-Mhumhan a chur ó rath. Rinneadh amhlaidh. D'éirigh go geal le Tomás ar dtús, acht níorbh' fhada a bhí an t-ádh air. Chuir sé teachtairí faoi dhéin an Phápa agus faoi dhéin an Impire, an cúigeadh Séarlus, ag iarraidh conganta agus cabhrach ortha. Acht is follasach nach raibh aon mhuinghin ná dóchas aca mar ní tháinig cabhair ar bith uatha. San am céadna bhíthear ag fealladh air i nÉirinn. Cé is móite de mhuinn- tir Ghearailt bhí bunáite na ndaoine 'ghá rádh nach raibh goir ar bith aige truisle ná feanc a bhaint as na Sasanaighibh, agus ar an ádhbhar sin ní raibh dúil aca cuidiughadh leis mar ba cheart. Nuair a tháinig tuairisg anall go raibh an tIarla 'n-a bheathaidh go fóill acht é féin ghábháil, facthas gurbh' amhlaidh d'imrigh dream na mBuitléarach cleas air. Ba léir do Thomás féin annsin an dul amudha a bhí air, acht ba dheir- eannach dhó tharraint siar. Cé gurbh' fheasach dhó go raibh an bás i ndán dó agus, b'fhéidir, dá athair, cheap sé comh- airle leanamhaint do'n éirghe amach cibé céard a thárlóchadh dhó. Is annsin do rinne sé a bhutún amach is amach. A fhad is bhí a arm 'n-a suidhe-thimcheall Bhaile Átha Cliath ag gabháil fabhairne do'n chathair agus ag baint sancais as na ballaíbh, rinne a námhaid Alan an tÁrd-Easbog, iarracht faoi éalódh ó'n gcathair. D'fheistigh sé long, d'árduigh a cuid seolta, agus as go bráth leis go Sasana mar shíl sé. Acht níor éirigh an t-ádh leis. D'éirigh an aimsear 'un gaoithe agus caitheadh an long agus a fuireann ar an chladach ag Cluain Tairbh. D'iompuigh an tÁrd-Easbog a chúl ar an luing agus a aghaidh ar an talamh agus chuaidh i bhfalach i dteach i sráid-bhaile an Artáin. Ba ghearr go bhfuair na Gearaltaigh faisnéis faoi sin. Théisglim Tomás feadhnach fear agus d'imthigh leis i mbárr na bhfásgaí faoi dhéin a námhad. Bhí beirt dearbhráthair dá athair 'n-a chuideacht' agus shroich siad an tArtán roimh bhreacadh an lae. Bhí Alan 'n-a chodladh. Tharraing siad ó'n leabaidh é. Chaith sé é féin le n-a gcosaibh agus chuir sé mar athchuinge ortha as ucht Dé gan é do mharbhughadh. Acht fir bhorba garga a bhí san bheirt shean-Ghearaltach agus sháitheadar claidheamh thríd a chroidhe gan truagh gan trócaire. In' éis sin bhí na Gearaltaigh 'na n-ughdar gránach ag a lán daoine mar gheall ar dhún-mharbhadh a dhéanamh ar an Árd-Easbog. Thréig mór-chuid aca arm Thomáis. Choinneal-bháthadh Tomás agus a lucht leanamhna fré chéile agus cuireadh easgaine na hEaglaise ortha. Is annsin do thuit an trioll ar an treall aige dá ríribh. B'éigin dó féin, agus dá dhaoinibh muinnteardha géilleadh do thaoiseach na Sasanach a gheall dóibh go rachadh siad saor. Ar sin a chluinnsteál do Rígh Shasana tháinig cuthach feirge air. Ba mhór leis iad a dhul saor agus mar ba fealltóir tútach a bhí ann, cheap sé comhairle dhul siar ar gheallamhaint a thaoisigh. Do himrigheadh feall ortha. Tugadh cuireadh do Thomás agus do chúigear dearbhráthair a athar a theacht ar fleidh agus ar féasta ag Fear Ionaid an Ríogh. Tháinig siad ann gan aon amhras aca. Rugadh ortha. Cuireadh ceangal na gcúig gcaol ortha. Tugadh anall go Lonndain iad. Sgaitheadh an ceann de gach mac máthar agus tugadh sgláraidh an bhradáin dá gcorp. Ba é sin deireadh Thomáis na Faillainge Síoda. Maidir leis an athair, nuair a chualaidh sé faoi'n droch-bhail a bhí ar a mhac agus gur cuireadh easgaine na hEaglaise air, bhris an chroidhe 'n-a chléibh le cás agus le náire agus fuair sé bás tamall gearr in éis sin. Máire Ní Eadhra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services