Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tomás na Fallainge Síoda II

Title
Tomás na Fallainge Síoda II
Author(s)
Ní Eaghra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tomás na Fallainge Síoda.



II.



Is annsin d'éirigh an clampar agus an
fothrom dá ríribh. Le linn an torann
a bheith ag méadughadh ó mhóiméad go
móiméad facthas gur thóg Tomás suas
claidheamh an Stáit agus go ndeachaidh sé
faoi dhéin an bhuird. Bhí 'ch uile dhuine
'n-a thost annsin. Bhí na huaisle ar
crith-eagla agus a n-anam ag preabadh
i mbéal a gcléibh le teann faithchís go
marbhóchthaoi iad fré chéile.



“A thighearna,” arsa Tomás, “tháinig
mé annso len' innseacht duit gur
cuireadh m'athair dá chois go fealltach
meilmeach. Cuireadh an chluain air agus
mealladh anonn go Lonndain é. Níl
a fhios agam fá thalamh na hÉireann
goidé an choir do cuireadh 'n-a leith
acht támuid l'éis sinn féin a chur faoi
réir le dhul ar mhachaire an dubhshláin
le díoghaltas a bhaint amach as ucht a
bháis. Is iad tíorántacht agus éagcóir
Ríogh Shasana a chuir faoi ndeara
dhúinn sin a dhéanamh, acht mar sin féin
níor mhaith linn é a bheith ar chumas
éinne a rádh go ndearnamar dó-bheart
fealltach faoi rún mar dhéanfadh
méirleach nó bodach acht gur fhuag-
ruigheamar cogadh go madramhail dána
os comhair an tsaoghail láimhe mar is
cóir do dhaoinibh uaisle agus do shaigh-
diúiríbh. Ní liom-sa acht libh-se an
claidheamh so. Ghlacas é agus thugas an
leabhar nach ndéanfainn úsáid de acht
ar bhur son. B'olc an mhaise agam é
a thionntódh i nbhur n-aghaidh. Ní beag
liom mo chlaidheamh féin mar chosantóir,
agus tá muinghin agam as. Ní bheadh in
m'Fhear Ionaid do Hannraoi Túdor
uaidh seo amach — táim 'mo dhearg-
námhaid dó. Bheirim a dhubhshlán agus
fuagruighim gráin air. B'fhearr liom
cumhacht Shasana a chlaoidheadh 'ná Éire
a riaghlughadh ar a shon. B'fhearr liom
a dhul i n-a aircis ar mhachaire an chatha
agus sásamh a bhaint as le béal mo
chlaidhimh 'ná obair Fir Ionaid a
dhéanamh faoi n-a spraic. A fhad is
bhéas an domhan ar suidheachan béidh a
fhios ag an tsaoghal gur fealltóir
tútach meilmeach atá san rígh sin.”



“Crom Abú,” sgairt Niall Ruadh Ó
Cinnéide, bárd Thomáis, a bhrúigh é
féin isteach i n-éindigh leis na sead-
airibh Gaedhealacha.



“An Rí Tomás go bráth,” ghoir na
Gaedhil agus sgannruigheadar na huaisle
le búrthaighil a nglór.



Ar feadh an ama sin ba chosamhail
leis go raibh imnidhe mhór ar an
tSeansailéar mar ba charaid é do
mhuinntir Ghearailt. Fachtas go raibh
sé ag fáisgeadh a lámh agus ag seilt na
ndeor. Faoi dheireadh thiar thall
tháinig sé anuas ó n-a shuidheachan agus
rug sé ar láimh ar an nGearaltach.



“A Thighearna Tomás,” ars' eisean,
“leig do shean-fhear críon caithte
cainnt a dhéanamh leat sul má gcuirid
tú suas de'n chlaidheamh sin, comhartha
d'ughdaráis agus comhartha do dhílseachta
do'n Rígh.”



Thún sé a chomhairle ar Thomás agus
chuir sé impidhe agus athchuinge air, acht ní


L. 06


raibh aon mhaith dhó leis. Thug Tomás
éisteacht na cluaise bodhaire dhó.



“Mo chroidhe-chrádh dhíom má loicim,”
arsa Tomás. “Ní le comhairle a
ghlacadh uaibh a tháinig mé annso, acht
le n-a chur i dtuigsint daoibh an nídh
atá fúm a dhéanamh. Tá sé de dhualgas
orm ómós a thabhairt do'm athair atá
marbh. Tá mé an-bhuidheach díbh as ucht
bhur gcomhairle, acht tá sí ró-dheir-
eannach anois. Maidir leis an
tsaoghal atá i ndán dom, glacfaidh
mé leis mar is áin le Dia a thabhairt
dom, acht b'fhearr liom bás d'fhágháil
ag troid go dána ar mhachaire an
dubhshláin agus mé 'mo shaor-fhear 'ná
maireachtáil go ciúin socair faoi spaic
Hannraoi agus mé 'mo sglábhaidhe. Anois,
ó thárla nach nglacfaidh sibh uaim an
claidheamh so, tá orm a theilgean
uaim agus san am céadna táim ag
séanadh mo dhualgais agus mo dhílseacht
do bhur máighistir Hannraoi.”



L'éis sin a rádh dó, theilg sé an
claidheamh de thuairt ar an mbórd.
Chuir a lucht leanamhna na gártha lúth-
gháire asta agus d'éirigh uall-ghol uamhain
ó na huaislibh agus ó na heasbogaibh
ar a fheiceál dóibh go raibh sé ag
baint a chuid éadaigh stáit de agus 'ghá
gcaitheamh ar an urlár. Nuair a bhí
siad bainte dhe sheas sé os a gcomhair
faoi lúireach iomlán agus é 'n-a cheann-
aircidhe i n-aghaidh Ríogh Shasana.



Thug sé a chúl ar an gCoiste annsin
agus siúd amach é féin agus a chuid fear le
dhul ar mhachaire an dubhshláin.



'Sé an chéad rud do rinne sé fos-
longphort a chur le Baile Átha Cliath
agus feadhnach eile dá arm a chur ag
triall faoi fhuadar ó dheas le talta
agus caisleáin Iarla Ur-Mhumhan a chur ó
rath. Rinneadh amhlaidh. D'éirigh go
geal le Tomás ar dtús, acht níorbh'
fhada a bhí an t-ádh air. Chuir sé
teachtairí faoi dhéin an Phápa agus faoi
dhéin an Impire, an cúigeadh Séarlus,
ag iarraidh conganta agus cabhrach ortha.
Acht is follasach nach raibh aon mhuinghin
ná dóchas aca mar ní tháinig cabhair ar
bith uatha.



San am céadna bhíthear ag fealladh
air i nÉirinn. Cé is móite de mhuinn-
tir Ghearailt bhí bunáite na ndaoine
'ghá rádh nach raibh goir ar bith aige
truisle ná feanc a bhaint as na
Sasanaighibh, agus ar an ádhbhar sin ní raibh
dúil aca cuidiughadh leis mar ba
cheart. Nuair a tháinig tuairisg anall
go raibh an tIarla 'n-a bheathaidh go fóill
acht é féin ghábháil, facthas gurbh' amhlaidh
d'imrigh dream na mBuitléarach cleas
air. Ba léir do Thomás féin annsin an
dul amudha a bhí air, acht ba dheir-
eannach dhó tharraint siar. Cé gurbh'
fheasach dhó go raibh an bás i ndán dó
agus, b'fhéidir, dá athair, cheap sé comh-
airle leanamhaint do'n éirghe amach
cibé céard a thárlóchadh dhó.



Is annsin do rinne sé a bhutún amach
is amach. A fhad is bhí a arm 'n-a
suidhe-thimcheall Bhaile Átha Cliath ag
gabháil fabhairne do'n chathair agus ag
baint sancais as na ballaíbh, rinne a
námhaid Alan an tÁrd-Easbog,
iarracht faoi éalódh ó'n gcathair.
D'fheistigh sé long, d'árduigh a cuid
seolta, agus as go bráth leis go Sasana
mar shíl sé. Acht níor éirigh an t-ádh
leis. D'éirigh an aimsear 'un gaoithe
agus caitheadh an long agus a fuireann ar an
chladach ag Cluain Tairbh. D'iompuigh
an tÁrd-Easbog a chúl ar an luing agus
a aghaidh ar an talamh agus chuaidh i bhfalach
i dteach i sráid-bhaile an Artáin. Ba
ghearr go bhfuair na Gearaltaigh
faisnéis faoi sin. Théisglim Tomás
feadhnach fear agus d'imthigh leis i mbárr
na bhfásgaí faoi dhéin a námhad. Bhí
beirt dearbhráthair dá athair 'n-a
chuideacht' agus shroich siad an tArtán
roimh bhreacadh an lae.



Bhí Alan 'n-a chodladh. Tharraing
siad ó'n leabaidh é. Chaith sé é féin
le n-a gcosaibh agus chuir sé mar athchuinge
ortha as ucht Dé gan é do mharbhughadh.
Acht fir bhorba garga a bhí san bheirt
shean-Ghearaltach agus sháitheadar claidheamh
thríd a chroidhe gan truagh gan
trócaire.



In' éis sin bhí na Gearaltaigh 'na
n-ughdar gránach ag a lán daoine mar
gheall ar dhún-mharbhadh a dhéanamh ar
an Árd-Easbog. Thréig mór-chuid aca
arm Thomáis. Choinneal-bháthadh Tomás
agus a lucht leanamhna fré chéile agus cuireadh
easgaine na hEaglaise ortha. Is annsin
do thuit an trioll ar an treall
aige dá ríribh. B'éigin dó féin, agus dá
dhaoinibh muinnteardha géilleadh do
thaoiseach na Sasanach a gheall dóibh go
rachadh siad saor.



Ar sin a chluinnsteál do Rígh
Shasana tháinig cuthach feirge air. Ba
mhór leis iad a dhul saor agus mar ba
fealltóir tútach a bhí ann, cheap sé
comhairle dhul siar ar gheallamhaint a
thaoisigh.



Do himrigheadh feall ortha. Tugadh
cuireadh do Thomás agus do chúigear
dearbhráthair a athar a theacht ar fleidh
agus ar féasta ag Fear Ionaid an Ríogh.
Tháinig siad ann gan aon amhras aca.
Rugadh ortha. Cuireadh ceangal na
gcúig gcaol ortha. Tugadh anall go
Lonndain iad. Sgaitheadh an ceann
de gach mac máthar agus tugadh sgláraidh
an bhradáin dá gcorp. Ba é sin
deireadh Thomáis na Faillainge Síoda.



Maidir leis an athair, nuair a
chualaidh sé faoi'n droch-bhail a bhí ar
a mhac agus gur cuireadh easgaine na
hEaglaise air, bhris an chroidhe 'n-a
chléibh le cás agus le náire agus fuair sé bás
tamall gearr in éis sin.



Máire Ní Eadhra.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services