Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Beannacht Léi
Title
Guth na mBárd - Beannacht Léi
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. Beannacht Léi. Dia leis an mbliadhain atá gabhtha tharainn, Dia le gach riaghail dár gcosnamh ceapadh, Dia leis an iarsma do thogair seasamh, Dia le n-a liacht díobh gan comhall againn. Dia le n-a ar chiap sinn de'n donas gharbh, Dia le n-ar thriall chughainn de'n tsonas fairis, Dia le gach siamsa i bhfochair carad, Dia le gach iarracht ar chomhaid chaitheas. Dia le sna gliadhthaibh anuraidh sheasas, Dia le gach iarmhar de shos ó chathaibh Dia le sna briathraibh go crosta spalpas, Dia leis an gciallach 's ar thug de thaise. Dia leis an spriata ró-dhona hata, Dia leis an niamh bhí sa chulaidh chaithte, Dia le sna hiallacha a bhog ó'n snaidhmeadh, Dia le n-ár stialladh dem' fholtaibh bathais, Dia leis an bhfiadhach is le gunna an aitis, Dia leis an ngliadar i mbun na faithche, Dia leis an riasc mar a mbogtaoi an leathar, Dia le n-ar rianas ar rothar reatha. Sin bliadhain eile stialltha as an dtuile gasa, Is bliadhain eile ar dian-ruith ar sodar tharainn, Ár dtriall-na gach bliadhain díobh ar bhreith an Athar, Is Dia linn 'n-a dhiaidh-san nach fios cá racham. A chiallaigh i mbliadhna dein toradh deabhaidh, An fial-mhaith do iarraidh 's an t-olc a sheachaint, Bí riaghalta, bí grianda, bí i lorg do leasa, 'S ar niamh-bhrogh an Tiagharna gan ob go gcasam. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services