Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - A Pheaidí Bháin
Title
Guth na mBárd - A Pheaidí Bháin
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. A Pheaidí Bháin. Streanncán caointe i ndiaidh Phádraig Uí Chéilleachair ó Chúil Aodha do fuair bás i mí na Lughnasa. 1905. A Pheaidí Bháin, ba chráidhte an sceól liom Do thásc a chlos anocht ar bóthar; Chuaidh an scéal trém aéibh, a stóraigh, Is chuir bunoscionn le blúire gnó mé. Is creach do Mhúscraighe it úrluighe, a leoghain, tu 'S do Bhaile Mhúirne d'fhúigeadh leóinte; Do phreab Cúil Aodha de léim 'n-a hóinsigh Is chuaidh a liach thar iarthar Dóinne. Is creach dham féin 's is béim do ghlóiseacht Cá bhfuigheadh feasta startha córa, Dréachta grinn ar shaoithibh eólais Nó mám de scéalta ar Fhéinn na Fódla? Cá bhfuigheadh an gunna dhá n-oirfeadh súd damh-sa Chun cearca fraoigh a chlaoidhe ar na móinte, An coileán gadhair badh ghreadhnach seóltha, Nó an maide draighin badh bhinn i gcomhrac? Is creach thar aon dot chéile phósta Tá ag gol 's ag caoi go fuigheach it dheóidh-se, Ag bualadh a bas 's ag stathadh a stóir fhuilt 'S ag deargadh a rosc gan sos gan sóghchus. A Nóra an bhinnis, ghaibh tinneas do ró-ghuth; Tá tocht it chroidhe agus snaidhm it scórnain; Ní chloisfimíd arís go fóill beag Géim na caillighe ag tally-ho uait. Is creach do'n Ghaedhilg féin an cródhach Do dhul san uaigh is uathadh ' sórt ann, Acht guidhim is guidhidh-se Rí na nÓg ngeal A anam do thabhairt go Flaithis na glóire. A ghlas-líog árd dein ádhbhacht is scléip go bhfuil Ar nasc fít chlár an sás do b'fhéile orainn Gleacaidhe gnáith 's fear grádhmhar Gaedhealach dil Peaidí Bán do bhláth-shliocht Chéill- eachair. Tórna 3/10/'05
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services