Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - A Pheaidí Bháin

Title
Guth na mBárd - A Pheaidí Bháin
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



A Pheaidí Bháin.



Streanncán caointe i ndiaidh
Phádraig Uí Chéilleachair ó Chúil Aodha
do fuair bás i mí na Lughnasa. 1905.



A Pheaidí Bháin, ba chráidhte an sceól
liom
Do thásc a chlos anocht ar bóthar;
Chuaidh an scéal trém aéibh, a stóraigh,
Is chuir bunoscionn le blúire gnó mé.



Is creach do Mhúscraighe it úrluighe, a
leoghain, tu
'S do Bhaile Mhúirne d'fhúigeadh
leóinte;
Do phreab Cúil Aodha de léim 'n-a
hóinsigh
Is chuaidh a liach thar iarthar Dóinne.



Is creach dham féin 's is béim do
ghlóiseacht
Cá bhfuigheadh feasta startha córa,
Dréachta grinn ar shaoithibh eólais
Nó mám de scéalta ar Fhéinn na
Fódla?



Cá bhfuigheadh an gunna dhá n-oirfeadh
súd damh-sa
Chun cearca fraoigh a chlaoidhe ar na
móinte,
An coileán gadhair badh ghreadhnach
seóltha,
Nó an maide draighin badh bhinn i
gcomhrac?



Is creach thar aon dot chéile phósta
Tá ag gol 's ag caoi go fuigheach it
dheóidh-se,
Ag bualadh a bas 's ag stathadh a
stóir fhuilt
'S ag deargadh a rosc gan sos gan
sóghchus.



A Nóra an bhinnis, ghaibh tinneas do
ró-ghuth;
Tá tocht it chroidhe agus snaidhm it
scórnain;
Ní chloisfimíd arís go fóill beag
Géim na caillighe ag tally-ho uait.



Is creach do'n Ghaedhilg féin an cródhach
Do dhul san uaigh is uathadh ' sórt ann,
Acht guidhim is guidhidh-se Rí na nÓg
ngeal
A anam do thabhairt go Flaithis na
glóire.



A ghlas-líog árd dein ádhbhacht is
scléip go bhfuil
Ar nasc fít chlár an sás do b'fhéile
orainn
Gleacaidhe gnáith 's fear grádhmhar
Gaedhealach dil
Peaidí Bán do bhláth-shliocht Chéill-
eachair.



Tórna
3/10/'05

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services