Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Atharrughadh Saoghail
Title
Atharrughadh Saoghail
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 20, 1906. Atharrughadh Saoghail Do réir mar d'fhógair Príomh-Rún- aidhe Gallda na hÉireann uaidh an lá cheana, tá atharrughadh saoghail chugainn leis an Riaghaltas nua. Ní dócha gur mó an bháidh atá ag an dream atá istigh anois (taobh amuigh de'n Phríomh- Rúnaidhe féin) leis an nGaedhilg 'ná an bháidh dó bhí ag an dream eile léithi. Go deimhin, ní dóigh linne go bhfuil aon bháidh mhór ag aon dream de Ghallaibh le hÉirinn ná le teangaidh na hÉireann. Acht is cuma soin. “Liberals” a ghlaodhann an dream áirithe seo ortha féin, agus do réir an Phríomh-Rúnaidhe, béidh siad go car- thannach le muinntir na tíre seo. Is clos dúinn go bhfuil orduighthe ag an mBríseach cheana féin gan an dlighe do chur ar Ghaedhealaibh feasta i ngioll le n-a n-ainmneacha do sgríobh- adh i nGaedhilg ar a gearrannaibh. Támuid sásta; agus beimís chomh sásta céadna dá leanfaidhe go ceann tam- aillín eile de'n ghéar-leanmhaint do thionnsgail an Longánach agus Atcinson. Ní dochar do rinne sí do'n Ghaedhilg, acht maitheas. An chéad rud eile ar a mbeimid ag braith, cosg do chur le geáitsíbh an Bhuird Náisiúnta agus Ciste Shasan. Ní as an Riaghaltas atá ár muinghin chum é seo do chur i gcrích, acht asainn féin. Gan amhras, níl sé de chumhacht againne an t-airgead so badh mhian leis an gCiste do ghoid uainn do bhaint amach le láimh láidir, níl sé de chumhacht againn cóir an Bhuird d'atharrughadh. Níl. Acht nílimíd gan cabhair 'n-a dhiaidh sin, mar tá sé de chumhacht againn a chur d'fhiachaibh ar an Riaghaltas rud do dhéanamh orainn. Chomh luath is bhéas deireadh le gleo an Toghtha Choitchinn, árduigheadh Gaedhil a nglór.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services