Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Atharrughadh Saoghail

Teideal
Atharrughadh Saoghail
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1906
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Eanair 20, 1906.



Atharrughadh Saoghail



Do réir mar d'fhógair Príomh-Rún-
aidhe Gallda na hÉireann uaidh an lá
cheana, tá atharrughadh saoghail chugainn
leis an Riaghaltas nua. Ní dócha gur
mó an bháidh atá ag an dream atá
istigh anois (taobh amuigh de'n Phríomh-
Rúnaidhe féin) leis an nGaedhilg 'ná
an bháidh dó bhí ag an dream eile léithi.
Go deimhin, ní dóigh linne go bhfuil
aon bháidh mhór ag aon dream de
Ghallaibh le hÉirinn ná le teangaidh
na hÉireann. Acht is cuma soin.
“Liberals” a ghlaodhann an dream
áirithe seo ortha féin, agus do réir an
Phríomh-Rúnaidhe, béidh siad go car-
thannach le muinntir na tíre seo.



Is clos dúinn go bhfuil orduighthe
ag an mBríseach cheana féin gan an
dlighe do chur ar Ghaedhealaibh feasta i
ngioll le n-a n-ainmneacha do sgríobh-
adh i nGaedhilg ar a gearrannaibh.
Támuid sásta; agus beimís chomh sásta
céadna dá leanfaidhe go ceann tam-
aillín eile de'n ghéar-leanmhaint do
thionnsgail an Longánach agus Atcinson.
Ní dochar do rinne sí do'n Ghaedhilg,
acht maitheas.



An chéad rud eile ar a mbeimid ag
braith, cosg do chur le geáitsíbh an
Bhuird Náisiúnta agus Ciste Shasan. Ní
as an Riaghaltas atá ár muinghin chum
é seo do chur i gcrích, acht asainn
féin. Gan amhras, níl sé de chumhacht
againne an t-airgead so badh mhian
leis an gCiste do ghoid uainn do
bhaint amach le láimh láidir, níl
sé de chumhacht againn cóir an Bhuird
d'atharrughadh. Níl. Acht nílimíd gan
cabhair 'n-a dhiaidh sin, mar tá sé de
chumhacht againn a chur d'fhiachaibh ar an
Riaghaltas rud do dhéanamh orainn.
Chomh luath is bhéas deireadh le gleo an
Toghtha Choitchinn, árduigheadh Gaedhil a
nglór.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services