Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leas-Ainmneacha
Title
Leas-Ainmneacha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Eanair 13, 1906. Leas-Ainmneacha. Is minic litreacha i gcló ins na páipéaraibh laetheamhla ó Ghaedhealaibh agus ó dhaoinibh ar dhual dóibh bheith Gaedh- ealach agus gan d'ainm fútha acht leas- ainm gránna éigin de dhéantús Gallda. Rud is measa 'ná sin, is minic cuirtear litreacha chugainn féin le cur i gcló san gCLAIDHEAMH agus trácht ionnta ar “Father Peter O'Leary,” agus ar “Mr. John McNeill,” agus ar “Mr. J. J. Doyle,” agus mar sin de. Cia hiad “Father Peter O'Leary,” agus “Mr. John MacNeill,” agus “Mr. J. J. Doyle” i n-aon chor? Níl aithne againne ortha. Is maith is eol dúinn cáilidheachta agus tréithe an Athar Pheadar Uí Laoghaire, agus Eoin Mhic Néill, agus Shéamuis Uí Dhubhghaill: acht maidir le “Father Peter O'Leary,” agus “Mr. John MacNeill,” agus “Mr. J. J. Doyle” — is dócha gur Gaill iad ó's rud é gurab ainmneacha agus sloinnte Gallda atá ortha. Cia an chiall do Ghaedhealaibh leas- ainmneacha do chur síos dóibh féin nó do Ghaedhealaibh eile? Nuair bhaist an chúirt iasachta i gCorcaigh “Edmond O'Neill” ar Éamonn calma, bhíomar i dtríthibh ag gáiridhe: is baoghalach gur fúinn féin badh cheart do chuid againn bheith ag gáiridhe an fhaid is leanamuid de “Peter, John,” agus “James” do ghlaodhach orainn féin agus ar a chéile. Seachainimís an iasacht. Ní féidir do chuid againn an Béarla do chaitheamh do leath-taoibh fós. Acht d'fhéadfadh gach mac máthar againn ár leas- ainmneacha Gallda do chaitheamh uainn gan duadh. Cá gábhadh iad? Níl aon ghábhadh leo, agus nuair nach bhfuil gábhadh leo, cia an chiall leanamhaint dóibh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services