Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leas-Ainmneacha

Title
Leas-Ainmneacha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Eanair 13, 1906.



Leas-Ainmneacha.



Is minic litreacha i gcló ins na
páipéaraibh laetheamhla ó Ghaedhealaibh
agus ó dhaoinibh ar dhual dóibh bheith Gaedh-
ealach agus gan d'ainm fútha acht leas-
ainm gránna éigin de dhéantús
Gallda. Rud is measa 'ná sin, is
minic cuirtear litreacha chugainn féin
le cur i gcló san gCLAIDHEAMH agus
trácht ionnta ar “Father Peter
O'Leary,” agus ar “Mr. John McNeill,”
agus ar “Mr. J. J. Doyle,” agus mar sin
de. Cia hiad “Father Peter
O'Leary,” agus “Mr. John MacNeill,”
agus “Mr. J. J. Doyle” i n-aon chor?
Níl aithne againne ortha. Is maith
is eol dúinn cáilidheachta agus tréithe
an Athar Pheadar Uí Laoghaire,
agus Eoin Mhic Néill, agus Shéamuis Uí
Dhubhghaill: acht maidir le “Father Peter
O'Leary,” agus “Mr. John MacNeill,”
agus “Mr. J. J. Doyle” — is
dócha gur Gaill iad ó's rud é gurab
ainmneacha agus sloinnte Gallda atá
ortha.



Cia an chiall do Ghaedhealaibh leas-
ainmneacha do chur síos dóibh féin nó
do Ghaedhealaibh eile? Nuair bhaist an
chúirt iasachta i gCorcaigh “Edmond
O'Neill” ar Éamonn calma, bhíomar i
dtríthibh ag gáiridhe: is baoghalach gur
fúinn féin badh cheart do chuid againn
bheith ag gáiridhe an fhaid is leanamuid
de “Peter, John,” agus “James” do
ghlaodhach orainn féin agus ar a chéile.



Seachainimís an iasacht. Ní féidir
do chuid againn an Béarla do chaitheamh
do leath-taoibh fós. Acht d'fhéadfadh
gach mac máthar againn ár leas-
ainmneacha Gallda do chaitheamh uainn
gan duadh. Cá gábhadh iad? Níl aon
ghábhadh leo, agus nuair nach bhfuil gábhadh
leo, cia an chiall leanamhaint dóibh?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services