Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Búirdín Mharcaidheachta IV
Title
Búirdín Mharcaidheachta IV
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Búirdín Mharcaidheachta. IV. Is amhlaidh a bhí Túrtóg Eilís suidhte, Muing na hAindeise laistiar di agus Lúb na Lathaighe lastoir di. Bhí duibheagán dorcha lasmuich de'n Lúib. Dí-dhúthchais a b'ainm do'n duibheagán. Aoinne thug fé gabháil tríd riamh múchadh ann é, agus ní bhfuarthas aon tuairisg ó shoin air. Thug Gaedheal fé ndeara go raibh srotha ag gluais- eacht tríd an nduibheagán, agus go raibh na srotha ag teangmháil ar a chéile lastoir de'n thúrtóig. D'aithin sé cheithre cinn de sna srothaibh, mar atá, Caise na hUidhre ag gabháil a dtuaidh, Caise Bhracháin ag gluaiseacht anoir dtuaidh, Sruth Eilís ag gabháil anoir, agus Caise Bholtéir ag teacht ar bhárr gach srotha dhíobh soin; fuath ag teacht a dtuaidh, sainnt anoir dtuaidh; éitheach, éigean, craos, agus sgur phósta ag teacht anoir díreach; agus Dia-másla agus diabhlaidheacht anoir ndeas. Thuiteadh an salachar soin, tré n-a chéile, isteach i Lúib na Láthaighe, agus bhí bolaith gránna ag éirghe as. Do leath a shúile ar Ghaedheal nuair a chonnaic sé an duibheagán. Chonnaic sé an talamh slán uaidh soir, acht ní raibh aon chaoi aige ar an dtalamh slán a shroistint, gan gabháil tríd an duibheagán. Do stad sé suas. “A Bhúird,” ar seisean. “Teacht,” arsa Bord “Bhí corp an chirt ag an óglách,” ar seisean. “Bog leat go mear, agus cuir uaim an chainnt sin,” arsa Bórd. “Céad bliadhain is lá 'mbáireach 'seadh d'fhágas an bhaile,” arsa Gaedheal. “Is láidir an fhoidne agam ort é,” arsa Bórd. “Gaibh id' bhéal an gobán so.” “Fógraim do'n riabhach do ghobán,” arsa Gaedheal. Bhí Bolg le Gréin ag faireadh ortha ó n-a thúrtóig. “Cuir smacht air sin, a Bhúird,” ar seisean, “nó cuirfead-sa ort-sa é.” “Ní ghlacfadh sé an gobán uaim,” arsa Bórd. “Má 'seadh, faigh biorán, agus bí 'ghá ropadh leis,” arsa Bolg. Chrom Gaedheal ar spriúchaigh, d'iarr- aidh Bórd a chur dá dhrom; acht níor tháinig leis. “Tar i gcabhair dom, a Bhuilg,” arsa Bórd, “agus sáithidh isteach sa duibh- eagán é, nó ídeochaidh sé mé.” “Rop, — rop!” arsa Bolg, agus é ag teacht anuas. “Táim ag teacht Rop, — rop!” Níor dhein Gaedheal acht casadh ar a sháil. “Thar n-ais go Mágh Gaedheal!” ar seisean. Chomh luath is chonnaic Bolg le Gréin ag iompódh é, d'fhill sé isteach sa túrtóig, agus sgannradh air. Ghluais Gaedheal roimis siar go cos-ead- trom, fé dhéin an óglaigh “Fóill, fóill,” arsa Bórd, “bímís páirteach.” “Bímís cheana,” arsa Gaedheal, “acht caithfir teacht liom go Mágh Gaedheal.” Ní túisce bhí an méid sin ráidhte 'ná thug Bórd aon léim amháin anuas, agus chuaidh sé de'n sgiúird sin isteach i dTúrtóig Eilís. D'fhill Gaedheal a bhaile le cois an óglaigh, agus is air do tháinig an iongnadh nuair a fuair sé Tír an Eolais buailte leis an dteorainn annsoin aige. Geallaim dhuit nár fhan aon fhonn siubhlóide as soin amach air; acht bhí lán an tsaic de sgéaltaibh aige i ndiaidh a thurais agus a theangmhála le Búirdín Mharcaidheachta. Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services