Búirdín Mharcaidheachta.
IV.
Is amhlaidh a bhí Túrtóg Eilís suidhte,
Muing na hAindeise laistiar di agus
Lúb na Lathaighe lastoir di. Bhí
duibheagán dorcha lasmuich de'n Lúib.
Dí-dhúthchais a b'ainm do'n duibheagán.
Aoinne thug fé gabháil tríd riamh
múchadh ann é, agus ní bhfuarthas aon
tuairisg ó shoin air. Thug Gaedheal
fé ndeara go raibh srotha ag gluais-
eacht tríd an nduibheagán, agus go raibh
na srotha ag teangmháil ar a chéile
lastoir de'n thúrtóig. D'aithin sé
cheithre cinn de sna srothaibh, mar
atá, Caise na hUidhre ag gabháil a
dtuaidh, Caise Bhracháin ag gluaiseacht
anoir dtuaidh, Sruth Eilís ag gabháil
anoir, agus Caise Bholtéir ag teacht
ar bhárr gach srotha dhíobh soin; fuath
ag teacht a dtuaidh, sainnt anoir
dtuaidh; éitheach, éigean, craos, agus
sgur phósta ag teacht anoir díreach;
agus Dia-másla agus diabhlaidheacht anoir
ndeas. Thuiteadh an salachar soin,
tré n-a chéile, isteach i Lúib na
Láthaighe, agus bhí bolaith gránna ag éirghe
as.
Do leath a shúile ar Ghaedheal nuair
a chonnaic sé an duibheagán. Chonnaic
sé an talamh slán uaidh soir, acht ní
raibh aon chaoi aige ar an dtalamh slán
a shroistint, gan gabháil tríd an
duibheagán. Do stad sé suas.
“A Bhúird,” ar seisean.
“Teacht,” arsa Bord
“Bhí corp an chirt ag an óglách,” ar
seisean.
“Bog leat go mear, agus cuir uaim
an chainnt sin,” arsa Bórd.
“Céad bliadhain is lá 'mbáireach
'seadh d'fhágas an bhaile,” arsa
Gaedheal.
“Is láidir an fhoidne agam ort é,”
arsa Bórd. “Gaibh id' bhéal an
gobán so.”
“Fógraim do'n riabhach do ghobán,”
arsa Gaedheal.
Bhí Bolg le Gréin ag faireadh ortha
ó n-a thúrtóig.
“Cuir smacht air sin, a Bhúird,” ar
seisean, “nó cuirfead-sa ort-sa é.”
“Ní ghlacfadh sé an gobán uaim,”
arsa Bórd.
“Má 'seadh, faigh biorán, agus bí 'ghá
ropadh leis,” arsa Bolg.
Chrom Gaedheal ar spriúchaigh, d'iarr-
aidh Bórd a chur dá dhrom; acht níor
tháinig leis.
“Tar i gcabhair dom, a Bhuilg,”
arsa Bórd, “agus sáithidh isteach sa duibh-
eagán é, nó ídeochaidh sé mé.”
“Rop, — rop!” arsa Bolg, agus é ag
teacht anuas. “Táim ag teacht
Rop, — rop!”
Níor dhein Gaedheal acht casadh ar
a sháil.
“Thar n-ais go Mágh Gaedheal!”
ar seisean.
Chomh luath is chonnaic Bolg le Gréin
ag iompódh é, d'fhill sé isteach sa
túrtóig, agus sgannradh air. Ghluais
Gaedheal roimis siar go cos-ead-
trom, fé dhéin an óglaigh
“Fóill, fóill,” arsa Bórd, “bímís
páirteach.”
“Bímís cheana,” arsa Gaedheal,
“acht caithfir teacht liom go Mágh
Gaedheal.”
Ní túisce bhí an méid sin ráidhte
'ná thug Bórd aon léim amháin anuas,
agus chuaidh sé de'n sgiúird sin isteach i
dTúrtóig Eilís.
D'fhill Gaedheal a bhaile le cois an
óglaigh, agus is air do tháinig an iongnadh
nuair a fuair sé Tír an Eolais
buailte leis an dteorainn annsoin
aige. Geallaim dhuit nár fhan aon
fhonn siubhlóide as soin amach air; acht
bhí lán an tsaic de sgéaltaibh aige i
ndiaidh a thurais agus a theangmhála le
Búirdín Mharcaidheachta.
Feargus Finnbhéil.