Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Nodlag
Title
An Nodlag
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Mí na Nodlag 23, 1905. An Nodlag. Seadh, a cháirde, tá an Nodlaig buailte linn; is go dtugaidh Dia sólás, agus aoibhneas dos gach aon deagh- Ghaedheal ag baile is i gcéin, go bhfuil cion agus grádh aige dá thalamh dúthchais! Is iomdha atharrugadh atá tagaithe ar an saoghal le bliadhain. Tá deireadh le réim Bhalfour, pé sgéal é, agus tá an Longánach bocht imthighthe uainn leis. Is iomdha cath do fearadh chum an Ghaedhilg d'árdughadh agus do leathnughadh ar fuid na tíre ar feadh na bliadhna. Tá ag rith léith, go treán, buidheachas le Dia. Acht, a léightheoir b'fhéidir go bhfuilir ag cur tabhartaistí éigin a bhaile i gcomhair na Nodlag. B'fhéidir soin díreach. Seadh, cartaí, agus rudaí mar soin. Ná dearmhad, máiseadh, gan iad do sheoladh uait i nGaedhilg bhríoghmhair bhlasta. Tabharfair caoi annsoin do lucht foghlumtha na teangan ar í fheicsint sgríobhtha, agus féadfaidh siad bheith ag déanamh stuidéir uirthi, agus má bhíonn seoinín dúr droch-mhúinte ann, gur chuma leis beo nó marbh í, cuirfir ag machtnamh é, agus caithfidh sé a spéaclaí a chur air chum í léigheadh. Is breagh an rud bheith ag éisteacht le daoinibh ag spreagadh na Gaedhilge, acht is rud eile í fheicsint sgríobhtha, agus í ag déan-
amh gnótha na tíre gan chabhair ná chongnamh ó'n mBéarla. Dia do bhur mbeannachadh, a Ghaedh- eala, an Nodlaig seo! Guidhimíd beannacht oraibh-se agus ar thír na hÉireann ó'n Naoidheanán do rugadh “... ó Mhuire bángil In Nodlaig mórmirbhuil!”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services