An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Mí na Nodlag 23, 1905.
An Nodlag.
Seadh, a cháirde, tá an Nodlaig
buailte linn; is go dtugaidh Dia
sólás, agus aoibhneas dos gach aon deagh-
Ghaedheal ag baile is i gcéin, go bhfuil
cion agus grádh aige dá thalamh dúthchais!
Is iomdha atharrugadh atá tagaithe
ar an saoghal le bliadhain. Tá
deireadh le réim Bhalfour, pé sgéal
é, agus tá an Longánach bocht imthighthe
uainn leis. Is iomdha cath do fearadh
chum an Ghaedhilg d'árdughadh agus do
leathnughadh ar fuid na tíre ar feadh
na bliadhna.
Tá ag rith léith, go treán, buidheachas
le Dia.
Acht, a léightheoir b'fhéidir go
bhfuilir ag cur tabhartaistí éigin a
bhaile i gcomhair na Nodlag. B'fhéidir
soin díreach. Seadh, cartaí, agus rudaí
mar soin. Ná dearmhad, máiseadh,
gan iad do sheoladh uait i nGaedhilg
bhríoghmhair bhlasta. Tabharfair caoi
annsoin do lucht foghlumtha na
teangan ar í fheicsint sgríobhtha, agus
féadfaidh siad bheith ag déanamh
stuidéir uirthi, agus má bhíonn seoinín
dúr droch-mhúinte ann, gur chuma leis
beo nó marbh í, cuirfir ag machtnamh
é, agus caithfidh sé a spéaclaí a chur air
chum í léigheadh. Is breagh an rud
bheith ag éisteacht le daoinibh ag
spreagadh na Gaedhilge, acht is rud
eile í fheicsint sgríobhtha, agus í ag déan-
amh gnótha na tíre gan chabhair ná
chongnamh ó'n mBéarla.
Dia do bhur mbeannachadh, a Ghaedh-
eala, an Nodlaig seo! Guidhimíd
beannacht oraibh-se agus ar thír na
hÉireann ó'n Naoidheanán do rugadh
“... ó Mhuire bángil
In Nodlaig mórmirbhuil!”