Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúirt na Pléidhe
Title
Cúirt na Pléidhe
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Mí na Nodlag 16, 1905. Cúirt na Pléidhe. I dteannta a chéile do Chúirt na Pléidhe de'n chéad uair, ní tháinig do láthair acht naonbhar nó deichneabhar éigin de Ghaedhilgeoiríbh. Is baoghalach nár tuigeadh go ró-mhaith an t-ádhbhar cainnte do bhí ag an Laoideach. Ag cur síos ar shanasaidheacht nó ar fhocal-eolas* do bhí sé, agus ní furusta ceisteanna de'n tsórt soin do chur tré chéile i nGaedhilg. Is fíor-mhaith do chruthuigh an Laoideach agus a chuid smaointe do nochtadh chomh glan soiléir agus do rinne. Támuid ag soláthar anois le breis agus dhá bhliadhain déag, agus gan dá sgríobh- adh againn acht “cainnt na ndaoine.” Is mór é ár meas ar chainnt na ndaoine, acht is iomdha rud nach gcainntigheann na daoine orra olc, maith, ná cuibheasach. Caithfear na rudaí seo do chur fá dhiospóireacht i nGaedhilg. Ní féidir diospóireacht do dhéanamh orra gan “téarmaí” nua do cheapadh. Níl dhá luaithe is ceap- far na “téarmaí” seo — téarmaí ag baint le gnóthaibh an lae indiu — nach amhlaidh is fearr. Tá a lán de na “téarmaibh” againn cheana, acht gan iad ar eolas ag an gcoitcheanntacht. 'Sí an obair atá curtha roimpi ag Cúirt na Pléidhe, do réir mar thuigimíd, acht na téarmaí seo do sholáthar, do chraobhsgaoileadh, agus do chleachtadh. Molamuid go mór an obair sin. *Philology
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services