An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Mí na Nodlag 16, 1905.
Cúirt na Pléidhe.
I dteannta a chéile do Chúirt na
Pléidhe de'n chéad uair, ní tháinig do
láthair acht naonbhar nó deichneabhar
éigin de Ghaedhilgeoiríbh. Is baoghalach
nár tuigeadh go ró-mhaith an t-ádhbhar
cainnte do bhí ag an Laoideach. Ag
cur síos ar shanasaidheacht nó ar
fhocal-eolas* do bhí sé, agus ní furusta
ceisteanna de'n tsórt soin do chur
tré chéile i nGaedhilg. Is fíor-mhaith
do chruthuigh an Laoideach agus a chuid
smaointe do nochtadh chomh glan
soiléir agus do rinne.
Támuid ag soláthar anois le breis
agus dhá bhliadhain déag, agus gan dá sgríobh-
adh againn acht “cainnt na ndaoine.”
Is mór é ár meas ar chainnt na
ndaoine, acht is iomdha rud nach
gcainntigheann na daoine orra olc,
maith, ná cuibheasach. Caithfear na
rudaí seo do chur fá dhiospóireacht i
nGaedhilg. Ní féidir diospóireacht do
dhéanamh orra gan “téarmaí” nua
do cheapadh. Níl dhá luaithe is ceap-
far na “téarmaí” seo — téarmaí ag
baint le gnóthaibh an lae indiu — nach
amhlaidh is fearr.
Tá a lán de na “téarmaibh” againn
cheana, acht gan iad ar eolas ag an
gcoitcheanntacht. 'Sí an obair atá
curtha roimpi ag Cúirt na Pléidhe, do
réir mar thuigimíd, acht na téarmaí
seo do sholáthar, do chraobhsgaoileadh, agus
do chleachtadh. Molamuid go mór
an obair sin.
*Philology
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11