Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Do'n gCraoibhín Thall
Title
Guth na mBárd - Do'n gCraoibhín Thall
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. Do'n gCraoibhín Thall. Marthain duit, a Chraoibhín cheannuis, Chuaidh ar aistear uainn fá sheol; Iomdha beith abhfos i bhfoinne Alos loinne um scéith do sceol. Árd an tuairisc liot, a lóchrainn, Léim tar muir a Fódla Fáil; Déanamh iúil do saor-chloinn shochma, Cúil Chaomh-floinn le dochma dáil. Taistil ort tre iathaibh eachtronn; Oscail dóibh le brígh do bhéal; Préim ár luit-ne maoidh an Maoirín; Oilte, a Chraobhín, scaoil do scéal. Dia leat tar beannaibh na bóchna; Beannacht ortha dá dtír thall; Eistfear ó chridhe gan chaochadh; Déanfar saothar eile i n-am. Tráth dá raibh, bhí 'mbáin-chrích mBanba Máithreacha ró-fhlatha rug, De ghrádh Dé thar farrgíbh fuara Bládh is ré chun táir-bhídh tug. Buidhne iad nár char an cholainn; Curadh d'fholaing fán gach fear; Laochra d'fhuathuigh toice an tsaoghail, Dá choipe bhaoghail níor bhean. Breandán luingseach, Colum Cille, Carrthach, Fiachra, ríoghdha a réim, Chuaidh a Banbha i n-iathaibh eile, Amhra a mbuaidh, ní chéile céim. Aithghein ortha an Craoibhín clumhail Cuisle an umhail, ling tar lear; D'aithris ar an aicme i n-allóid Méid ár sainnte cam-óid chrean. Samhail é le Colum Cille, Colúr Inse Chuinn is Chéin, Dá mhéid rioth ó ard na hóige Móide thard di cion a chléibh. Díol ár mbunaidh d'apstal ionnraic Ionnaibh féin, a Chroébh son chair; Ceo 'n-ár gcionn it dhéidh, a dhaltha, Beo ní fhanfa an méid do mhair. M A R. IN ORAIT A Chraoibhín bháin bhláthmhair a fearann Gaoidheal úr, Na míltí báb mhánla 'n-a reathaibh grinn chughaibh Gan dlaoi d'fhíor-scáith fáiscithe ar neach de'n bhuidhin úd, Go bhfilltí slán sásta a bhaile arís chughainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services