Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Do'n gCraoibhín Thall

Title
Guth na mBárd - Do'n gCraoibhín Thall
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Do'n gCraoibhín Thall.



Marthain duit, a Chraoibhín cheannuis,
Chuaidh ar aistear uainn fá sheol;
Iomdha beith abhfos i bhfoinne
Alos loinne um scéith do sceol.



Árd an tuairisc liot, a lóchrainn,
Léim tar muir a Fódla Fáil;
Déanamh iúil do saor-chloinn shochma,
Cúil Chaomh-floinn le dochma dáil.



Taistil ort tre iathaibh eachtronn;
Oscail dóibh le brígh do bhéal;
Préim ár luit-ne maoidh an Maoirín;
Oilte, a Chraobhín, scaoil do scéal.



Dia leat tar beannaibh na bóchna;
Beannacht ortha dá dtír thall;
Eistfear ó chridhe gan chaochadh;
Déanfar saothar eile i n-am.



Tráth dá raibh, bhí 'mbáin-chrích mBanba
Máithreacha ró-fhlatha rug,
De ghrádh Dé thar farrgíbh fuara
Bládh is ré chun táir-bhídh tug.



Buidhne iad nár char an cholainn;
Curadh d'fholaing fán gach fear;
Laochra d'fhuathuigh toice an tsaoghail,
Dá choipe bhaoghail níor bhean.



Breandán luingseach, Colum Cille,
Carrthach, Fiachra, ríoghdha a réim,
Chuaidh a Banbha i n-iathaibh eile,
Amhra a mbuaidh, ní chéile céim.



Aithghein ortha an Craoibhín clumhail
Cuisle an umhail, ling tar lear;
D'aithris ar an aicme i n-allóid
Méid ár sainnte cam-óid chrean.



Samhail é le Colum Cille,
Colúr Inse Chuinn is Chéin,
Dá mhéid rioth ó ard na hóige
Móide thard di cion a chléibh.



Díol ár mbunaidh d'apstal ionnraic
Ionnaibh féin, a Chroébh son chair;
Ceo 'n-ár gcionn it dhéidh, a dhaltha,
Beo ní fhanfa an méid do mhair.



M A R.



IN ORAIT



A Chraoibhín bháin bhláthmhair a fearann
Gaoidheal úr,
Na míltí báb mhánla 'n-a reathaibh
grinn chughaibh
Gan dlaoi d'fhíor-scáith fáiscithe ar
neach de'n bhuidhin úd,
Go bhfilltí slán sásta a bhaile arís
chughainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services