Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Búirdín Mharcaidheachta III
Title
Búirdín Mharcaidheachta III
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Búirdín Mharcaidheachta. III. Bhí Gaedheal ag crónán dó féin, agus é ag cur na slighe soir de go fonn- leisgeamhail. Bhí a póca cuarduighthe ag Bórd um an dtaca so, acht aon phóicín amháin a bhí laistigh air. Pin- ginní i gcomhair an tsagairt a bhí sa phóicín sin aige. “Cuir amach na pinginní sin,” arsa Bórd. “Airgead na hEaglaise!” arsa Gaedheal. “Ní dhéanfad a leithéid. Badh neamh-mhaith liom é.” Thug Bórd íde béil annsoin air. “Airgead i gcomhair na hEag- laise!” ar seisean. “Cad dob' áil leis an Eaglais d'airgead? Bheadh airgead agat dos gach aon ocáid acht dom' ocáidíbh-se.” “Má deirir a leithéid sin arís,” arsa Gaedheal, “cuirfead anuas a bhior do chinn thu.” “Ar mh'anam! ná déanfair,” arsa Bórd, “go bhfuil a mhalairt de ghreim annso agam.” Bhíodar ag cur díobh go mall nó go rabhadar ag teorainn na muinge. Chonnaiceadar túrtóg eile annsoin, anuas ar an dteorainn, agus fear mór méith i n-áirde ar an dtúrtóig. Túrtóg Eilís a b'ainm do'n áit, agus Bolg le Gréin a b'ainm do'n bhfear. Trí chéad bliadhain ar an dtúrtóig dó, ag maireachtaint go sásta ar na creachaibh a thagadh aniar ó Mhágh Gaedheal chuige. Fear ceartasamhail cráibhtheach a b'eadh é. Níor mhaith leis na creacha do ghlacadh gan díol asta; agus chuireadh sé sgadáin lobhtha agus cait breaca siar go Mágh Gaedheal i n-ionad na gcreach. Nuair a chonnaic sé chuige an bheirt, do labhair sé: — “Beannachadh Eilís chughat, Bain- ríoghan an Eolais, a Bhúird,” ar sei- sean, “agus innis dom cia hé sin fút.” “Cia bheadh fúm acht Gaedheal,” arsa Bhórd. “Fuaireas ins an Ain- deise é.” “An ndeireann tú liom é?” arsa Bolg le Gréin. “Cheapas ná raibh luid de'n éadach ar Ghaedheal.” “Tá, go deimhin, giobail éadaigh uimis,” arsa Bórd, “agus béasa fogh- lumtha aige. Bhí sé fiadhain nuair a rugas air, acht tá sé mínighthe go maith agam-sa.” “Leig annso isteach chugham-sa é,” arsa Bolg. “B'fhéidir go bhfuil pinginní airgid aige, agus, muna bhfuil féin, ceartuigheann sé uaim-se chun bheith ag dul ar marcaidheacht air.” “Seo leat isteach sa túrtóig seo, a Ghaedhil,” arsa Bórd. “Smut de Thír an Eolais iseadh í.” “Mise a dhul annsoin isteach!” arsa Gaedheal. “Ní chuige sin a dh'fhágas an baile, chun fuireach annso i n-imeall na hAindeise. Téirigh féin isteach, má's maith leat é,” ar seisean go searbh. “Ná dubhrais, a Bhúird,” arsa Bolg, “go raibh an beithidheach soin mínighthe agat?” “Bhí, leis,” arsa Bórd, “nó go labhair óglách annsoin thiar leis. “Ní maith liom an fuadar atá ó shoin fé, ná an crónán atá ar siubhal aige.” “Agus cumáin ná cuireann tú gobán leis?” arsa Bolg le Gréin. “Tiomáin leat as mo radharc é,” ar seisean, “agus má chuirir smacht air is gearr go mbéidh a chúram dínn.” (Tuilleadh) Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services