Búirdín Mharcaidheachta.
III.
Bhí Gaedheal ag crónán dó féin, agus é
ag cur na slighe soir de go fonn-
leisgeamhail. Bhí a póca cuarduighthe
ag Bórd um an dtaca so, acht aon
phóicín amháin a bhí laistigh air. Pin-
ginní i gcomhair an tsagairt a bhí sa
phóicín sin aige.
“Cuir amach na pinginní sin,” arsa
Bórd.
“Airgead na hEaglaise!” arsa
Gaedheal. “Ní dhéanfad a leithéid.
Badh neamh-mhaith liom é.”
Thug Bórd íde béil annsoin air.
“Airgead i gcomhair na hEag-
laise!” ar seisean. “Cad dob' áil
leis an Eaglais d'airgead? Bheadh
airgead agat dos gach aon ocáid acht
dom' ocáidíbh-se.”
“Má deirir a leithéid sin arís,”
arsa Gaedheal, “cuirfead anuas a
bhior do chinn thu.”
“Ar mh'anam! ná déanfair,” arsa
Bórd, “go bhfuil a mhalairt de ghreim
annso agam.”
Bhíodar ag cur díobh go mall nó go
rabhadar ag teorainn na muinge.
Chonnaiceadar túrtóg eile annsoin,
anuas ar an dteorainn, agus fear mór
méith i n-áirde ar an dtúrtóig.
Túrtóg Eilís a b'ainm do'n áit, agus
Bolg le Gréin a b'ainm do'n bhfear.
Trí chéad bliadhain ar an dtúrtóig
dó, ag maireachtaint go sásta ar na
creachaibh a thagadh aniar ó Mhágh
Gaedheal chuige. Fear ceartasamhail
cráibhtheach a b'eadh é. Níor mhaith leis
na creacha do ghlacadh gan díol asta;
agus chuireadh sé sgadáin lobhtha agus cait
breaca siar go Mágh Gaedheal i
n-ionad na gcreach. Nuair a chonnaic
sé chuige an bheirt, do labhair sé: —
“Beannachadh Eilís chughat, Bain-
ríoghan an Eolais, a Bhúird,” ar sei-
sean, “agus innis dom cia hé sin fút.”
“Cia bheadh fúm acht Gaedheal,”
arsa Bhórd. “Fuaireas ins an Ain-
deise é.”
“An ndeireann tú liom é?” arsa
Bolg le Gréin. “Cheapas ná raibh
luid de'n éadach ar Ghaedheal.”
“Tá, go deimhin, giobail éadaigh
uimis,” arsa Bórd, “agus béasa fogh-
lumtha aige. Bhí sé fiadhain nuair a
rugas air, acht tá sé mínighthe go maith
agam-sa.”
“Leig annso isteach chugham-sa é,”
arsa Bolg. “B'fhéidir go bhfuil
pinginní airgid aige, agus, muna bhfuil
féin, ceartuigheann sé uaim-se chun
bheith ag dul ar marcaidheacht air.”
“Seo leat isteach sa túrtóig seo,
a Ghaedhil,” arsa Bórd. “Smut de
Thír an Eolais iseadh í.”
“Mise a dhul annsoin isteach!”
arsa Gaedheal. “Ní chuige sin a
dh'fhágas an baile, chun fuireach annso
i n-imeall na hAindeise. Téirigh féin
isteach, má's maith leat é,” ar seisean
go searbh.
“Ná dubhrais, a Bhúird,” arsa Bolg,
“go raibh an beithidheach soin mínighthe
agat?”
“Bhí, leis,” arsa Bórd, “nó go
labhair óglách annsoin thiar leis. “Ní
maith liom an fuadar atá ó shoin fé,
ná an crónán atá ar siubhal aige.”
“Agus cumáin ná cuireann tú
gobán leis?” arsa Bolg le Gréin.
“Tiomáin leat as mo radharc é,”
ar seisean, “agus má chuirir smacht air
is gearr go mbéidh a chúram dínn.”
(Tuilleadh)
Feargus Finnbhéil.