Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth na mBárd - Bláth na Sméara
Title
Guth na mBárd - Bláth na Sméara
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
An Róisín Dubh
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth na mBárd. Bláth na Sméara. (Buachaill tuaithe i gCo. Mhuigheo do rinne an t-amhrán binn seo.) Tráthnóinín aoibhinn i mí na sméara Ag siubhal an fhéir dom, 's an rae 'n-a suidhe, Bhí an choill go sídh-bhinn le caoin-ghuth éanlaith, 'S an drúcht mar réalta ar an bhféar 'n-a luighe. I ngleanntán sléibhe bhí aingeal gléigeal 'S mar sneachta séidte do bhreath- nuigh sí, 'Sí an craoibhín aoibhinn le bláth na sgéimhe, Grádh geal mo chléibh a rug léi an chraobh. Níl uan ar na bántaibh chomh ciúin lem' ghrádh-sa 'Sí í ag siubhal na páirce gan bróig san drúcht, 'S mo chraoibh dá mbeinn-se, do dhéan- fainn sgáth di, 'S ise 'n-a bláth geal ag fás go dlúth, Tá grádh na mílte 'n-a súil is glaise 'Ná drúcht na maidne ar chiubhais an róis, 'S is gile a hanam 'ná grian 's 'ná gealach, Do chuirfeadh ar lasadh an drúcht mar ór. An bláth ba chubhartha 's an t-ubhall is áille, 'Sí rug an bárr ortha grádh mo chroidhe, A súil ag gáiridhe mar drúcht an bhán- chnoc, 'S a gruadh mar bhláth bheadh ar bhárr na craoibh', A cúilín fáinneach chomh dubh le háirne Is fuaim a gáire mar ceolta sidhe, A béilín ceol-bhinn mar rós i ngáirdín, 'S is milse 'ná mil a póigín caoin. Badh dheas an féirín mo chraoibhín sméara 'Bheith 'n-a pósaidh gléigeal os comhair mo chroidhe, Nó ag siubhal lem' thaoibh-se le luighe na gréine, Fá dhuilleabhar ghéaga 's an drúcht 'n-a luighe, 'S a Dhia, dá mbeinn-se 's mo mhian i n-éinfheacht, Ar thaoibh an tsléibhe nó i gcnocán fraoigh, A dhá cích réaltach mar bhláth na gcraebh nglas, Is a brághaid 'bheith fáisgthe go dlúth lem' chroidhe! Ní binne smólach 's é ag seinm ceoil bhinn, Nó fuiseog móna ar neoin 'ná thú, Ó fuair mé póg 's geall le súgh na heorna 'S mé ag siubhal an bhóthair lem' Róisín Dubh, 'S nuair 'bhím i mbrón guirt gan bhrígh gan dóchas Och! smaoinighim fós ar an oidhche úd, 'S mo chroidhe do thóg tú, a mhíle stórach, Mar bheadh grian an fhoghmhair san ngeimhreadh fuar. An Róisín Dubh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services