Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth na mBárd - Bláth na Sméara

Title
Guth na mBárd - Bláth na Sméara
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
An Róisín Dubh
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth na mBárd.



Bláth na Sméara.



(Buachaill tuaithe i gCo. Mhuigheo do rinne
an t-amhrán binn seo.)



Tráthnóinín aoibhinn i mí na sméara
Ag siubhal an fhéir dom, 's an rae
'n-a suidhe,
Bhí an choill go sídh-bhinn le caoin-ghuth
éanlaith,
'S an drúcht mar réalta ar an
bhféar 'n-a luighe.
I ngleanntán sléibhe bhí aingeal
gléigeal
'S mar sneachta séidte do bhreath-
nuigh sí,
'Sí an craoibhín aoibhinn le bláth na
sgéimhe,
Grádh geal mo chléibh a rug léi an
chraobh.



Níl uan ar na bántaibh chomh ciúin lem'
ghrádh-sa
'Sí í ag siubhal na páirce gan bróig
san drúcht,
'S mo chraoibh dá mbeinn-se, do dhéan-
fainn sgáth di,
'S ise 'n-a bláth geal ag fás go
dlúth,
Tá grádh na mílte 'n-a súil is glaise
'Ná drúcht na maidne ar chiubhais
an róis,
'S is gile a hanam 'ná grian 's 'ná
gealach,
Do chuirfeadh ar lasadh an drúcht
mar ór.



An bláth ba chubhartha 's an t-ubhall is
áille,
'Sí rug an bárr ortha grádh mo
chroidhe,
A súil ag gáiridhe mar drúcht an bhán-
chnoc,
'S a gruadh mar bhláth bheadh ar bhárr
na craoibh',
A cúilín fáinneach chomh dubh le háirne
Is fuaim a gáire mar ceolta
sidhe,
A béilín ceol-bhinn mar rós i
ngáirdín,
'S is milse 'ná mil a póigín caoin.



Badh dheas an féirín mo chraoibhín
sméara
'Bheith 'n-a pósaidh gléigeal os
comhair mo chroidhe,
Nó ag siubhal lem' thaoibh-se le luighe
na gréine,
Fá dhuilleabhar ghéaga 's an drúcht
'n-a luighe,
'S a Dhia, dá mbeinn-se 's mo mhian i
n-éinfheacht,
Ar thaoibh an tsléibhe nó i gcnocán
fraoigh,
A dhá cích réaltach mar bhláth na gcraebh
nglas,
Is a brághaid 'bheith fáisgthe go dlúth
lem' chroidhe!



Ní binne smólach 's é ag seinm ceoil
bhinn,
Nó fuiseog móna ar neoin 'ná thú,
Ó fuair mé póg 's geall le súgh na
heorna
'S mé ag siubhal an bhóthair lem'
Róisín Dubh,
'S nuair 'bhím i mbrón guirt gan
bhrígh gan dóchas
Och! smaoinighim fós ar an oidhche
úd,
'S mo chroidhe do thóg tú, a mhíle
stórach,
Mar bheadh grian an fhoghmhair san
ngeimhreadh fuar.



An Róisín Dubh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services