Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gúth na mBard - Slán leis an gCraoibhín Aoibhinn
Title
Gúth na mBard - Slán leis an gCraoibhín Aoibhinn
Author(s)
Ua Cárrthaigh, Uilliam,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gúth na mBárd. Slán leis an gCraoibhín Aoibhinn. [Amhrán do léigheadh i bport an bhóthair iarainn i mBealach an Doirín roimh imtheacht do'n Chraoibhín ar an traen go Baile Átha Cliath, Samhain 6, 1905. Uilliam Ua Cárrthaigh do chum.] Céad slán ón' chroidhe leat, a Chraoibhín bhláthmhar, Ó chroidhe na ndaoine 's ó chroidhe mo cháirde, Is tú ár ndóchas, ár seoid, 's ár ngrádh geal A réaltain eolais tá ag gabháil thar sáile! Tá croidhe na ndaoine thar maol le grádh dhuit Is tú 'bheith 'g imtheacht anois, a bhláith ghil, Tá an ghrian fá smúid, 'gus is dubh an lá geal 'S tá Éire ag síor-ghol i ndiaidh a gráidh ghil. Céad beannacht díleas ó chroidhe na cléire Beannacht na ndaoine, a chroidhe, go léir leat, Go n-éirighidh go breagh leat thar sáile, a thréin-fhir, 'S go gcuiridh Dia síor-cheatha séin ort. Tá Éire brúighte 's ní hiongnadh é sin 'S an solus lasta 'n-a brollach gléi- geal, Acht lasfaidh an tír seo arís le faobhar lann Nuair a fhillfeas an Craoibhín arís go hÉirinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services