Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gúth na mBard - Slán leis an gCraoibhín Aoibhinn

Title
Gúth na mBard - Slán leis an gCraoibhín Aoibhinn
Author(s)
Ua Cárrthaigh, Uilliam,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gúth na mBárd.



Slán leis an gCraoibhín
Aoibhinn.



[Amhrán do léigheadh i bport an bhóthair iarainn
i mBealach an Doirín roimh imtheacht do'n
Chraoibhín ar an traen go Baile Átha Cliath,
Samhain 6, 1905. Uilliam Ua Cárrthaigh do
chum.]



Céad slán ón' chroidhe leat, a Chraoibhín
bhláthmhar,
Ó chroidhe na ndaoine 's ó chroidhe mo
cháirde,
Is tú ár ndóchas, ár seoid, 's ár
ngrádh geal
A réaltain eolais tá ag gabháil thar
sáile!



Tá croidhe na ndaoine thar maol le
grádh dhuit
Is tú 'bheith 'g imtheacht anois, a bhláith
ghil,
Tá an ghrian fá smúid, 'gus is dubh an
lá geal
'S tá Éire ag síor-ghol i ndiaidh a
gráidh ghil.



Céad beannacht díleas ó chroidhe na
cléire
Beannacht na ndaoine, a chroidhe, go
léir leat,
Go n-éirighidh go breagh leat thar sáile,
a thréin-fhir,
'S go gcuiridh Dia síor-cheatha séin
ort.



Tá Éire brúighte 's ní hiongnadh é
sin
'S an solus lasta 'n-a brollach gléi-
geal,
Acht lasfaidh an tír seo arís le
faobhar lann
Nuair a fhillfeas an Craoibhín arís go
hÉirinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services