Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Barr Gaisce na Faithche
Title
Barr Gaisce na Faithche
Author(s)
Fiachra Éilgeach,
Pen Name
Fiachra Éilgeach
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Barr Gaisce na Faithche. “Is fada atá fuaim ag gluaiseacht eadrainn” i dtaobh na gcomórtasaí a bhí ar siubhal seachtmhain 'san Domhnach so caithte ar láthair na himeartha ag Bóthar Sheoin i mBaile Átha Cliath. B'fhada le luadh tréithe na bhfuir- eann go raibh seasamh na muinntire i bhfus ortha, agus níor tháire do'n ndream a ghaibh chughainn i leith ó Lonndain Shasana chun na craoibhe do sciobadh leo, dá mb'éidir, de bharr gliocais, neirt is laochais. Éinne a chuireann speois i gcúrsaíbh na faithche Gaedheal- aighe is eol dó gurbh' iad calm-fhir na Carraige Duibhe i gCo. Chorcaighe do rug réim is barr ar iománaidheacht go dtí so, ó n-a dtáinig i n-a gcoinnibh as ceithre áirdíbh na hÉireann, agus ní hí seo an chéad iarracht aca ná fós an tarna hiarracht 'á dhéanamh soin. Tá an iománaidheacht agam 'á chur i dtosach, mar gurbh' ise sean-chluiche na Féinne — an chluiche is dual do Ghaedheal, agus di-se do thugadh an chéad dul, féibh mar ba dhleacht, ar im- theachtaibh an Domhnaigh seo. Tá cáil mhór saothruighthe ag muinn- tir Chiarraidhe ar an bpeil, de'n iarracht so, agus is maith atá an cáil sin tuillte aca. Shaoil gach éinne, nach mór, i gCúige Laighean nuair a bhuaidh muinntir Chilldara ar thogha Chill Choinnigh san tríomhadh cor nár bh'éidir a mbarr soin d'fhágháil, agus b'éigin trí iarracht eile a dhéanamh sara bhféad- faidhe an scéal do réidhteach idir an dá chúige. Mar a chéile b'eadh a n-áireamh san gcéad iomadh i gCathair
Chorcaighe, mar a chéile arís san tarna dul i nDúrlios, acht fuair an Ghaedh- ealtacht an lámh uachtair san tríomhadh cath, cois Laoi. “Moladh gach éinne, a asal féin,” acht ní dóigh liom go ndéarfar im' choinne san méid seo .i. nár ráinig riamh fós ó'n ló a rinneadh fothadh ar Ghaedheal-Chumann na Lúth-Chleas go dtí an lá atá indiu ann, fuireann peile chomh cliste calma cródha leis an líon imeartha do sheoladh chughainn ó'n Iar- Mhumhain de'n gcor so. I dtaobh na bhfuireann a ghluais i leith dá n-athardha, níorbh' fhios dúinn puinn, acht gurbh' eol dúinn go raibh ortha-san féin, fir thréana a fuair árd-ghairm i n-a ndúithchíbh dílis sar ar ghluaiseadar thar sáile. An té bhí ar an bhfaithche níor mhisde dhó atharrughadh beag do dhéanamh ar an leath-rann úd Bhriain Mac Giolla Meidhre agus a rádh:— “Chonnaic mé láithreach mágh ar fad líonta Ó shliosaibh go fál de mhná is de dhaoine. Do fuair gach dream comhthrom na Féinne, dá ríribh, agus ní raibh cosc ná cur isteach ar éinne ó'n lucht amhairc. Ó thosach bára níor fhan éan-bhuaidh- irt ar chúl-chearrbhaigh Chorcaighe; b'agá bhfuirinn a bhí an buille cruinn ar an liathróidín agus an imirt ar a ndeis i gcomhnaidhe, féibh mar ba léir ó'n áireamh i gcionn na leath-uaire — aon- chúilín-déag aca-san, agus lán-chúl ag an bhfear thall. B'é an scéal céadna é san dtarna leath-uair; chuir muinntir Chorcaighe chúig cúilíní déag eile suas, is níor rugadh ortha féin acht cúilín aonair. Bhí an imirt dian go leor ar uairibh, acht bhí easnamh fear ar mhuinn- tir Lonndan, agus ba ró-léir go raibh — go mór-mhór nuair a bhain ceataidhe do chuid de sna fearaibh dob' fhearr a bhí aca. Thugadh cead reatha annsoin do fóirnibh na peile, agus i gcionn leath- nóimínt bhí cúilín buaidhte ag muinntir Chiarraidhe, acht ghoirtigheadh Mac Uí Chiardhubháin ionnus nár fhéad sé lean- amhaint de'n imirt ní ba shia. Do rinn muinntir Lonndan sár-iarracht agus rugadar an pheil isteach fé bhéal an bhogha, acht de dheascaibh faillighe níor éirigh leo. Ar an nóimínt déar bhí caoi eile aca chun lán-chúil d'fhágháil go saoráideach mara mbeadh cam- bhuille éigin, agus siúd siar fuireann na ríoghachta ar nós shidhe gaoithe ag saothrughadh fé dhéin an bhogha eile, acht ní bhfuaireadar acht cúilín. Mar sin dóibh i n-a gceann is i n-a gceann go dtí go raibh seacht nó ocht de chúilíníbh aca. Annsoin do rinneadar tuaiplis éigin ionnus go bhfuair an dream eile saor-bhuille i dtreo an bhogha agus gur chuireadar scór sa chlabhra. Acht bhí líon imeartha Chiarraidhe ró- aicillidhe dhóibh agus is aca d'fhan buaidh láithreach. Imirt mhuinnteardha mhacanta a bhí ann i ngach comórtas agus cé gur ráinig triúir nó ceathrar goirtighthe, ní raibh leigheas ar an gcinneamhaint. Fiachra Éilgeach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services