Barr Gaisce na Faithche.
“Is fada atá fuaim ag gluaiseacht
eadrainn” i dtaobh na gcomórtasaí
a bhí ar siubhal seachtmhain 'san Domhnach
so caithte ar láthair na himeartha ag
Bóthar Sheoin i mBaile Átha Cliath.
B'fhada le luadh tréithe na bhfuir-
eann go raibh seasamh na muinntire i
bhfus ortha, agus níor tháire do'n ndream
a ghaibh chughainn i leith ó Lonndain
Shasana chun na craoibhe do sciobadh
leo, dá mb'éidir, de bharr gliocais,
neirt is laochais. Éinne a chuireann
speois i gcúrsaíbh na faithche Gaedheal-
aighe is eol dó gurbh' iad calm-fhir na
Carraige Duibhe i gCo. Chorcaighe do
rug réim is barr ar iománaidheacht go
dtí so, ó n-a dtáinig i n-a gcoinnibh
as ceithre áirdíbh na hÉireann, agus ní hí
seo an chéad iarracht aca ná fós an
tarna hiarracht 'á dhéanamh soin.
Tá an iománaidheacht agam 'á chur
i dtosach, mar gurbh' ise sean-chluiche
na Féinne — an chluiche is dual do
Ghaedheal, agus di-se do thugadh an chéad
dul, féibh mar ba dhleacht, ar im-
theachtaibh an Domhnaigh seo.
Tá cáil mhór saothruighthe ag muinn-
tir Chiarraidhe ar an bpeil, de'n
iarracht so, agus is maith atá an cáil sin
tuillte aca. Shaoil gach éinne, nach
mór, i gCúige Laighean nuair a bhuaidh
muinntir Chilldara ar thogha Chill
Choinnigh san tríomhadh cor nár bh'éidir
a mbarr soin d'fhágháil, agus b'éigin trí
iarracht eile a dhéanamh sara bhféad-
faidhe an scéal do réidhteach idir an
dá chúige. Mar a chéile b'eadh a
n-áireamh san gcéad iomadh i gCathair
Chorcaighe, mar a chéile arís san tarna
dul i nDúrlios, acht fuair an Ghaedh-
ealtacht an lámh uachtair san tríomhadh
cath, cois Laoi.
“Moladh gach éinne, a asal féin,”
acht ní dóigh liom go ndéarfar im'
choinne san méid seo .i. nár ráinig
riamh fós ó'n ló a rinneadh fothadh ar
Ghaedheal-Chumann na Lúth-Chleas go dtí
an lá atá indiu ann, fuireann peile
chomh cliste calma cródha leis an líon
imeartha do sheoladh chughainn ó'n Iar-
Mhumhain de'n gcor so.
I dtaobh na bhfuireann a ghluais i
leith dá n-athardha, níorbh' fhios dúinn
puinn, acht gurbh' eol dúinn go raibh
ortha-san féin, fir thréana a fuair
árd-ghairm i n-a ndúithchíbh dílis sar
ar ghluaiseadar thar sáile.
An té bhí ar an bhfaithche níor mhisde
dhó atharrughadh beag do dhéanamh ar an
leath-rann úd Bhriain Mac Giolla
Meidhre agus a rádh:—
“Chonnaic mé láithreach mágh ar fad
líonta
Ó shliosaibh go fál de mhná is de
dhaoine.
Do fuair gach dream comhthrom na
Féinne, dá ríribh, agus ní raibh cosc ná
cur isteach ar éinne ó'n lucht amhairc.
Ó thosach bára níor fhan éan-bhuaidh-
irt ar chúl-chearrbhaigh Chorcaighe; b'agá
bhfuirinn a bhí an buille cruinn ar an
liathróidín agus an imirt ar a ndeis i
gcomhnaidhe, féibh mar ba léir ó'n
áireamh i gcionn na leath-uaire — aon-
chúilín-déag aca-san, agus lán-chúl ag an
bhfear thall. B'é an scéal céadna é
san dtarna leath-uair; chuir muinntir
Chorcaighe chúig cúilíní déag eile suas,
is níor rugadh ortha féin acht cúilín
aonair. Bhí an imirt dian go leor ar
uairibh, acht bhí easnamh fear ar mhuinn-
tir Lonndan, agus ba ró-léir go raibh —
go mór-mhór nuair a bhain ceataidhe
do chuid de sna fearaibh dob' fhearr a
bhí aca.
Thugadh cead reatha annsoin do
fóirnibh na peile, agus i gcionn leath-
nóimínt bhí cúilín buaidhte ag muinntir
Chiarraidhe, acht ghoirtigheadh Mac Uí
Chiardhubháin ionnus nár fhéad sé lean-
amhaint de'n imirt ní ba shia. Do
rinn muinntir Lonndan sár-iarracht agus
rugadar an pheil isteach fé bhéal an
bhogha, acht de dheascaibh faillighe níor
éirigh leo. Ar an nóimínt déar bhí
caoi eile aca chun lán-chúil d'fhágháil
go saoráideach mara mbeadh cam-
bhuille éigin, agus siúd siar fuireann na
ríoghachta ar nós shidhe gaoithe ag
saothrughadh fé dhéin an bhogha eile, acht
ní bhfuaireadar acht cúilín. Mar sin
dóibh i n-a gceann is i n-a gceann go
dtí go raibh seacht nó ocht de chúilíníbh
aca. Annsoin do rinneadar tuaiplis
éigin ionnus go bhfuair an dream
eile saor-bhuille i dtreo an bhogha agus
gur chuireadar scór sa chlabhra.
Acht bhí líon imeartha Chiarraidhe ró-
aicillidhe dhóibh agus is aca d'fhan buaidh
láithreach.
Imirt mhuinnteardha mhacanta a bhí
ann i ngach comórtas agus cé gur ráinig
triúir nó ceathrar goirtighthe, ní raibh
leigheas ar an gcinneamhaint.
Fiachra Éilgeach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11