Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Turas an Chraoibhín
Title
Turas an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 18, 1905. Turas an Chraoibhín. Tá an Craoibhín ag treabhadh na dtonn ag tarraing ar Ameriocá. Ghluais sé tré Chúige Laighean agus tré Chúige Mumhan ó dheas mar ghluais- eochadh rí. Na sluaighte ag uall- gháiridhe 'n-a thimcheall; buidhne gaisgidh ag gluaiseacht le n-a chois; craobhacha de'n Chonnradh, comhairlí ceanntair agus comhairlí cathrach, maithe agus mór-uaisle na hÉireann uile ag tabhairt ómóis dó. Is minic d'imthigh teachtaire ó Éirinn thar lear roimhe seo. D'im- thigh Aodh Ruadh Ó Domhnaill tráth le cúis a thíre do phléidhe os comhair na ríghthe; d'imthigh Parnell le n-ár linn féin 'n-a theachtaire ó Ghaedhealaibh chum muinntire an Domhain Thiar. Níorbh' éifeachtaighe ná níor thairbhighe aon teachtaireacht aca so 'ná an teachtaireacht so an Chraoibhín. Tá an oiread ag seasamh ar an gCraoibhín anois is do sheas riamh ar Aodh Ruadh nó ar Pharnell. Rinneadh feall ar Aodh Ruadh thall; d'fhill Parnell, agus tamall 'n-a dhiaidh sin thuit a chuid oibre ó n-a chéile. Bhí droch-rath riamh ar an tSean-Mhnaoi Bhoicht. Acht tá atharrughadh saoghail indiu ann. Tá Dia ag cuidiughadh linn anois, is ní bás agus meath acht beatha agus fás atá i ndán dúinn feasta. Fillfidh an Craoibhín fá shaoghal agus fá shláinte chug- ainn; fágfaidh rian a láimhe ar obair an Chonnartha thall; agus bhéaraidh a bhaile dhúinn “fíon láidir ó n-ár gcáirdibh le fáinne an lae.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services