Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Turas an Chraoibhín

Title
Turas an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Samhain 18, 1905.



Turas an Chraoibhín.



Tá an Craoibhín ag treabhadh na
dtonn ag tarraing ar Ameriocá.
Ghluais sé tré Chúige Laighean agus tré
Chúige Mumhan ó dheas mar ghluais-
eochadh rí. Na sluaighte ag uall-
gháiridhe 'n-a thimcheall; buidhne gaisgidh
ag gluaiseacht le n-a chois; craobhacha
de'n Chonnradh, comhairlí ceanntair agus
comhairlí cathrach, maithe agus mór-uaisle
na hÉireann uile ag tabhairt ómóis
dó. Is minic d'imthigh teachtaire
ó Éirinn thar lear roimhe seo. D'im-
thigh Aodh Ruadh Ó Domhnaill tráth le
cúis a thíre do phléidhe os comhair na
ríghthe; d'imthigh Parnell le n-ár linn
féin 'n-a theachtaire ó Ghaedhealaibh
chum muinntire an Domhain Thiar.
Níorbh' éifeachtaighe ná níor thairbhighe
aon teachtaireacht aca so 'ná an
teachtaireacht so an Chraoibhín. Tá an
oiread ag seasamh ar an gCraoibhín
anois is do sheas riamh ar Aodh Ruadh
nó ar Pharnell. Rinneadh feall ar
Aodh Ruadh thall; d'fhill Parnell, agus
tamall 'n-a dhiaidh sin thuit a chuid
oibre ó n-a chéile. Bhí droch-rath riamh
ar an tSean-Mhnaoi Bhoicht. Acht tá
atharrughadh saoghail indiu ann. Tá
Dia ag cuidiughadh linn anois, is ní
bás agus meath acht beatha agus fás atá i
ndán dúinn feasta. Fillfidh an
Craoibhín fá shaoghal agus fá shláinte chug-
ainn; fágfaidh rian a láimhe ar obair
an Chonnartha thall; agus bhéaraidh a bhaile
dhúinn “fíon láidir ó n-ár gcáirdibh
le fáinne an lae.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services