Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gúth na mBárd - Epitalamium
Title
Gúth na mBárd - Epitalamium
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gúth na mBárd. Epitalamium. Is cás dam bheith éadmhar nuair amhar -caim Cáirde bhíodh taobh liom i ngleo Do ráinig le céibhfhionna snaidhmithe I bpáirt age bréithribh ó'n Órd; Mo chráidhteacht ar éigin a mhairim-se, An fánaidhe bocht aonair gan treoir, 'S go bhfágfar is baoghlach san spairnn mé 'Om' thnáthadh ag an Naonbhar geal-ógh. Áireamh na laochraibh gan dearmad, B'fhearr cumas tréithe agus gnó, Ní fuláir dam a dhéanamh i n-eagar chirt, Táithte le gléinneacht na gcomhad; Tomás an fear éifeachtach calma Is Seán so de'n gCaomh-fhuil do ghlóis, An dá rábaire is saordha dá mbain- eann Le hÁrus na gCéiteannach gcóir. Tá áthas ar sgéimh Dhoire an Chairn, Is ádhbhacht agá féinnidhthe is dóin; Is sámh a bhíd éanlaith i gcrannaibh Ag gnáth-chantain aon tuile cheoil; Na mionáin ag poc-léimridh thar craigibh Is rás age céad each ar móin, Is tá soláthar is sgléip ag na beacaibh Um Sheán ó fuair céile is congan- tóir. Guidhim sláinte agus saoghal agus acmhuin, Geal-ádhbhar de'n tséan agus sógh, Do gach sáir-fhear de'n tréad so do chanaim Is bláth-thruip de Ghaedhealaibh 'n-a ndeoidh; Agus áilim-se ar Éan-mhac an Athar Go dtí a árus go dtéid súd gan brón, 'S maran fearr a bheam féin nára measa Nuair fhágfam an saoghal so na ndeor. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services