Gúth na mBárd.
Epitalamium.
Is cás dam bheith éadmhar nuair amhar
-caim
Cáirde bhíodh taobh liom i ngleo
Do ráinig le céibhfhionna snaidhmithe
I bpáirt age bréithribh ó'n Órd;
Mo chráidhteacht ar éigin a mhairim-se,
An fánaidhe bocht aonair gan treoir,
'S go bhfágfar is baoghlach san spairnn
mé
'Om' thnáthadh ag an Naonbhar geal-ógh.
Áireamh na laochraibh gan dearmad,
B'fhearr cumas tréithe agus gnó,
Ní fuláir dam a dhéanamh i n-eagar
chirt,
Táithte le gléinneacht na gcomhad;
Tomás an fear éifeachtach calma
Is Seán so de'n gCaomh-fhuil do
ghlóis,
An dá rábaire is saordha dá mbain-
eann
Le hÁrus na gCéiteannach gcóir.
Tá áthas ar sgéimh Dhoire an Chairn,
Is ádhbhacht agá féinnidhthe is dóin;
Is sámh a bhíd éanlaith i gcrannaibh
Ag gnáth-chantain aon tuile cheoil;
Na mionáin ag poc-léimridh thar
craigibh
Is rás age céad each ar móin,
Is tá soláthar is sgléip ag na beacaibh
Um Sheán ó fuair céile is congan-
tóir.
Guidhim sláinte agus saoghal agus acmhuin,
Geal-ádhbhar de'n tséan agus sógh,
Do gach sáir-fhear de'n tréad so do
chanaim
Is bláth-thruip de Ghaedhealaibh 'n-a
ndeoidh;
Agus áilim-se ar Éan-mhac an Athar
Go dtí a árus go dtéid súd gan
brón,
'S maran fearr a bheam féin nára
measa
Nuair fhágfam an saoghal so na
ndeor.
Tórna