Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Búirdín Mharcaidheachta II
Title
Búirdín Mharcaidheachta II
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Búirdín Mharcaidheachta. II. “Níl ionnam rith,” arsa Gaedheal, “agus is ar éigean atá ionnam siubhal leis an ualach atá orm.” “Na pinginní airgid sin agat,” arsa Búirdín, “sin iad atá ag cur na moille ort. Badh mhór an nídh dhuit ná mbeadh a n-ualach díot.” Chrom sé síos annsoin, agus chuir sé lámh i bpóca Ghaedhil, agus thóg sé na pinginní airgid a fuair sé ann. “Mar mhagadh taoir 'ghá dhéanamh soin orm,” arsa Gaedheal. “Tabhar- faidh tú dhom na pinginní sin arís amhás.” “Mar mhagadh an eadh!” arsa Búirdín. “Mise ag múineadh do phaidreacha dhuit, agus ag déanamh gioll- aidheachta dhuit! Mise ag obair dhuit, agus tusa ar do shámhán!” ar seisean. “Is bog atá giolla agat gan díol as.” Bhíodar ag imtheacht agus ag síor- imtheacht nó go rabhadar buailte le teorainn na muinge, agus cia chífeadh Gaedheal chuige anoir acht óglách dá mhuinntir. Dubhglas ab' ainm do'n óglách. 'Sé gnó bhí aige, agus é ag siubhal roimis, 'ná ag bailiughadh na bplúiríní móna a bhí ag fás insa mhuing. Do labhair an t-óglách. “Ar son Dé, a Ghaedhil, agus cá bhfuilir ag dul?” ar seisean. “Táim ag dul go Tír an Eolais, a mhic ó,” arsa Gaedheal. “An fada eile uaim é?” “Is mó an tuilleadh 'ná an t-áireamh,” arsa Dubhglas. “Ní sroichfir go bráth é ag gabháil mar sin soir duit. Fill go Mágh Gaedheal, agus bead-sa led' chois,” ar seisean. “Is fearr liom dul go Tír an Eolais,” arsa Gaedheal. “Is féidir leat dul annsoin de chosa thiorma ód' dhúthaigh féin,” arsa Dubhglas. “Thar n-ais go Mágh Gaedheal adeirim leat.” “Is fada liom siar é,” arsa Gaedheal. “Fill,” arsa Dubhglas, “nó má théidhir i bhfad eile soir taoir caillte. Raghaidh tú dod' mhúchadh sa lathaigh,” ar seisean. Níor bh'aon mhaith é. Ghaibh Gaedheal thairis soir, agus a ghiolla sa mhullach aige. Do lean an t-óglách iad, agus gach aon ghlaodh 'n-a ndiaidh aige, “Thar n-ais go Mágh Gaedheal!” “Ar chualais é siúd, a Bhúird?” arsa Gaedheal. “Cia hé?” arsa Bórd. “An t-óglách úd a labhair liom,” arsa Gaedheal. “Mise 'ghá chlos!” arsa Bórd. “Cad a bhéarfadh go n-éistfinn-se le lucht na hAindeise.” “Le toil t'onóra,” arsa Gaedheal, “'sé dubhairt sé go mb'fhearra dhom filleadh go Mágh Gaedheal. Sin í mo dhúthaigh féin,” ar seisean, “agus ní hí Muing na hAindeise.” Chomh luath is chualaidh Bórd an focal soin, Mágh Ghaedheal, tháinig buile feirge air. “An áit sin!” ar seisean. “Ná cloisim an focal soin arís uait. Aoinne go mbeadh fios a bhéas aige, ní labharfaidh sé an focal soin amach as a bhéal. Áit is míle measa 'ná Muing na hAindeise,” ar seisean. “An riabhach a gcreidfinn díot,” arsa Gaedheal, go teasaidhe. Geallaim dhuit acht go rabhadar araon mí-chéadthach go leor dá chéile as soin amach. Chualaidh Gaedheal guth an ógláigh 'n-a dhiaidh arís. Chuimhnigh sé ar dhuan bheag a bhíodh aige i bhfad roimis sin, agus chrom sé ar an nduan beag a chasadh dó féin — “Is ró-bhreágh an áit sin Mágh geal Gaedheal.” (Ocus ar oile). (Tuilleadh) Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services