Búirdín Mharcaidheachta.
II.
“Níl ionnam rith,” arsa Gaedheal,
“agus is ar éigean atá ionnam siubhal
leis an ualach atá orm.”
“Na pinginní airgid sin agat,”
arsa Búirdín, “sin iad atá ag cur na
moille ort. Badh mhór an nídh dhuit
ná mbeadh a n-ualach díot.”
Chrom sé síos annsoin, agus chuir sé
lámh i bpóca Ghaedhil, agus thóg sé na
pinginní airgid a fuair sé ann.
“Mar mhagadh taoir 'ghá dhéanamh
soin orm,” arsa Gaedheal. “Tabhar-
faidh tú dhom na pinginní sin arís
amhás.”
“Mar mhagadh an eadh!” arsa
Búirdín. “Mise ag múineadh do
phaidreacha dhuit, agus ag déanamh gioll-
aidheachta dhuit! Mise ag obair dhuit,
agus tusa ar do shámhán!” ar seisean.
“Is bog atá giolla agat gan díol
as.”
Bhíodar ag imtheacht agus ag síor-
imtheacht nó go rabhadar buailte le
teorainn na muinge, agus cia chífeadh
Gaedheal chuige anoir acht óglách dá
mhuinntir. Dubhglas ab' ainm do'n
óglách. 'Sé gnó bhí aige, agus é ag
siubhal roimis, 'ná ag bailiughadh na
bplúiríní móna a bhí ag fás insa
mhuing. Do labhair an t-óglách.
“Ar son Dé, a Ghaedhil, agus cá bhfuilir
ag dul?” ar seisean.
“Táim ag dul go Tír an Eolais, a
mhic ó,” arsa Gaedheal. “An fada
eile uaim é?”
“Is mó an tuilleadh 'ná an
t-áireamh,” arsa Dubhglas. “Ní
sroichfir go bráth é ag gabháil mar sin
soir duit. Fill go Mágh Gaedheal, agus
bead-sa led' chois,” ar seisean.
“Is fearr liom dul go Tír an
Eolais,” arsa Gaedheal.
“Is féidir leat dul annsoin de
chosa thiorma ód' dhúthaigh féin,” arsa
Dubhglas. “Thar n-ais go Mágh
Gaedheal adeirim leat.”
“Is fada liom siar é,” arsa
Gaedheal.
“Fill,” arsa Dubhglas, “nó má
théidhir i bhfad eile soir taoir caillte.
Raghaidh tú dod' mhúchadh sa lathaigh,”
ar seisean.
Níor bh'aon mhaith é. Ghaibh Gaedheal
thairis soir, agus a ghiolla sa mhullach aige.
Do lean an t-óglách iad, agus gach aon
ghlaodh 'n-a ndiaidh aige, “Thar n-ais
go Mágh Gaedheal!”
“Ar chualais é siúd, a Bhúird?”
arsa Gaedheal.
“Cia hé?” arsa Bórd.
“An t-óglách úd a labhair liom,”
arsa Gaedheal.
“Mise 'ghá chlos!” arsa Bórd.
“Cad a bhéarfadh go n-éistfinn-se le
lucht na hAindeise.”
“Le toil t'onóra,” arsa Gaedheal,
“'sé dubhairt sé go mb'fhearra dhom
filleadh go Mágh Gaedheal. Sin í mo
dhúthaigh féin,” ar seisean, “agus ní hí
Muing na hAindeise.”
Chomh luath is chualaidh Bórd an focal
soin, Mágh Ghaedheal, tháinig buile
feirge air.
“An áit sin!” ar seisean. “Ná
cloisim an focal soin arís uait.
Aoinne go mbeadh fios a bhéas aige, ní
labharfaidh sé an focal soin amach as a
bhéal. Áit is míle measa 'ná Muing
na hAindeise,” ar seisean.
“An riabhach a gcreidfinn díot,”
arsa Gaedheal, go teasaidhe.
Geallaim dhuit acht go rabhadar
araon mí-chéadthach go leor dá chéile
as soin amach. Chualaidh Gaedheal guth
an ógláigh 'n-a dhiaidh arís. Chuimhnigh
sé ar dhuan bheag a bhíodh aige i bhfad
roimis sin, agus chrom sé ar an nduan
beag a chasadh dó féin —
“Is ró-bhreágh an áit sin Mágh geal
Gaedheal.” (Ocus ar oile).
(Tuilleadh)
Feargus Finnbhéil.