Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Slán leis an gCraoibhín
Title
Slán leis an gCraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 11, 1905. Slán leis an gCraoibhín Tá an Craoibhín geal-Aoibhinn im- thighthe 'n-a theachtaire ó Ghaedhealaibh na tíre seo chum Gaedheal an Domhain Thiar. Ag cur ár mbeannachta leis siar, ní dócha gur bh'fhearr rud dá ndéanfaimís 'ná an dileagra do thairg an Coiste Gnótha dhó roimh im- theacht dó ó Bhaile Átha Cliath do chur os comhair ár leightheoirí. Seo é:— “A Chraoibhín dhílis agus a phríomh- chosantóir Gaedheal agus Gaedhealtachta na hÉireann, — Táimíd-ne .i. an Coiste Gnótha de Chonnradh na Gaedhilge ag ceileabhradh dhuit, agus ag cur slán agus beannacht leat thar dhrom-chladh na díleann siar. Táir anois ar tí dul chun cainnte ar son na hÉireann le roinnt mhóir tábhachtaigh de shliocht Ghaedhil Ghlais .i. na deoraidhthe soin de'n sean-phréamh atá 'n-a gcomhnaidhe san domhan mór thar sáile. Táid soin anois i bhfad níos líonmhaire 'ná mar tá an sean-phréamh féin. Táid siad sgaipthe ar fuaid na gcríoch úd thall, na mílte agus na milliún aca, i ngach aon áit dá bhfuil ann, idir thuath agus chathair. Agus ag labairt leo dhuit- se bíodh a fhios agat go bhfuilir ag labhairt ar son an Chonnartha so againne go léir, agus ar son Gaedheal Éireann go huile; agus bíodh a fhios ag ár ngaoltaibh thall gurab é oll-ghuth Gaedheal do ghuth-sa agus fós fíor-ghuth na hÉireann; mar is agat-sa atá ceannas agus réim indiu ar chroidhthibh Gaedheal thoir, thiar, thuaidh, agus theas. Agus ní hiongnadh soin. Is fada ag obair thú ar mhaithe le hÉireann agus is mór é toradh do shaothair. Inneosaidh tú dár ngaoltaibh thall agus do'n domhan ar fad (mar beidh an domhan go léir ag éisteacht leat) cionnus mar atá thiar annso indiu againn. Déanfaidh tú cur síos dóibh ar aiséirghe na nGaedheal i nÉirinn, agus míneochaidh tú dhóibh an t-atharrughadh míorbhuilteach atá ag teacht ar an saoghal innti, agus d'aimhdheoin gacha namhad go bhfuil Náisiún dáiríribh Gaedhealach dhá thóg- aint ag an gConnradh arís i nÉirinn. Agus cuirfidh tú os a gcomhair thall cionnus is féidir leotha sin cabhrughadh agus cuidiughadh leis an obair atá dhá déanamh annso sa mbaile, agus cionnus is féidir leotha an snadhm báidhe agus caradais idir iad féin agus an tsean- áitreabh do shíor-choimeád agus do chean- gailt níos dlúithe 'ná mar atá sé anois féin. Ní gábhadh dhúinn tagairt dó so. Níl fear beo indiu gur fearr atá a fhios aige gach uile rud a bhain- eas le cúis na nGaedheal 'ná mar atá a fhios agat féin é. Dá bhrígh sin, ní dhéarfam a thuilleadh acht go dtéidhir slán agus go n-éirghidh do thuras go geal leat. Ná mairbh tú féin leis an obair thall, agus guidhmíd Dia na bhfeart go mbadh seacht bhfearr do bheir ar bhfill- eadh arís duit.” Amén, a Thighearna!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services