Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Slán leis an gCraoibhín

Title
Slán leis an gCraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Samhain 11, 1905.



Slán leis an gCraoibhín



Tá an Craoibhín geal-Aoibhinn im-
thighthe 'n-a theachtaire ó Ghaedhealaibh
na tíre seo chum Gaedheal an Domhain
Thiar. Ag cur ár mbeannachta leis
siar, ní dócha gur bh'fhearr rud dá
ndéanfaimís 'ná an dileagra do
thairg an Coiste Gnótha dhó roimh im-
theacht dó ó Bhaile Átha Cliath do chur
os comhair ár leightheoirí. Seo é:—



“A Chraoibhín dhílis agus a phríomh-
chosantóir Gaedheal agus Gaedhealtachta
na hÉireann, — Táimíd-ne .i. an Coiste
Gnótha de Chonnradh na Gaedhilge ag
ceileabhradh dhuit, agus ag cur slán agus
beannacht leat thar dhrom-chladh na
díleann siar. Táir anois ar tí dul
chun cainnte ar son na hÉireann le
roinnt mhóir tábhachtaigh de shliocht
Ghaedhil Ghlais .i. na deoraidhthe soin
de'n sean-phréamh atá 'n-a gcomhnaidhe
san domhan mór thar sáile. Táid soin
anois i bhfad níos líonmhaire 'ná mar
tá an sean-phréamh féin. Táid siad
sgaipthe ar fuaid na gcríoch úd thall,
na mílte agus na milliún aca, i ngach
aon áit dá bhfuil ann, idir thuath agus
chathair. Agus ag labairt leo dhuit-
se bíodh a fhios agat go bhfuilir ag
labhairt ar son an Chonnartha so
againne go léir, agus ar son Gaedheal
Éireann go huile; agus bíodh a fhios ag
ár ngaoltaibh thall gurab é oll-ghuth
Gaedheal do ghuth-sa agus fós fíor-ghuth
na hÉireann; mar is agat-sa atá
ceannas agus réim indiu ar chroidhthibh
Gaedheal thoir, thiar, thuaidh, agus theas.
Agus ní hiongnadh soin. Is fada ag
obair thú ar mhaithe le hÉireann agus is
mór é toradh do shaothair. Inneosaidh
tú dár ngaoltaibh thall agus do'n domhan
ar fad (mar beidh an domhan go léir
ag éisteacht leat) cionnus mar atá
thiar annso indiu againn. Déanfaidh
tú cur síos dóibh ar aiséirghe na
nGaedheal i nÉirinn, agus míneochaidh tú
dhóibh an t-atharrughadh míorbhuilteach
atá ag teacht ar an saoghal innti, agus
d'aimhdheoin gacha namhad go bhfuil
Náisiún dáiríribh Gaedhealach dhá thóg-
aint ag an gConnradh arís i nÉirinn.
Agus cuirfidh tú os a gcomhair thall
cionnus is féidir leotha sin cabhrughadh
agus cuidiughadh leis an obair atá dhá
déanamh annso sa mbaile, agus cionnus
is féidir leotha an snadhm báidhe agus
caradais idir iad féin agus an tsean-
áitreabh do shíor-choimeád agus do chean-
gailt níos dlúithe 'ná mar atá sé
anois féin. Ní gábhadh dhúinn tagairt
dó so. Níl fear beo indiu gur fearr
atá a fhios aige gach uile rud a bhain-
eas le cúis na nGaedheal 'ná mar atá
a fhios agat féin é. Dá bhrígh sin, ní
dhéarfam a thuilleadh acht go dtéidhir
slán agus go n-éirghidh do thuras go geal
leat. Ná mairbh tú féin leis an obair
thall, agus guidhmíd Dia na bhfeart go
mbadh seacht bhfearr do bheir ar bhfill-
eadh arís duit.”



Amén, a Thighearna!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services