Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Turas an Chraoibhín
Title
Turas an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 04, 1905. Turas an Chraoibhín. Seachtmhain ó indiu fágfaidh an Craoibhín slán agus beannacht ag tír na hÉireann. Crochfaidh sé seolta i gCuan Chorcaighe, agus mar adéarfadh sean-sgéalaidhe, imtheochaidh sé roimhe, i gcuideachtain na gaoithe glan- fhuaire go ngabhfaidh sé leithead a dhá bhonn de thalamh Ameriocá. Ní hí seo an chéad uair do'n Chraoibhín ag imtheacht go dtí an Domhan Thiar. Chaith sé tamall dá óige ann ag múineadh litridheachta i nÁrd-Sgoil. Ba lag í teanga na hÉireann an t-am sin. Ní raibh Connradh na Gaedhilge ar bun, ná coinne ag éinne go gcuirfidhe a leithéid ar bun. Ní raibh tosnuighthe ar na “Ceachtaibh Simplidhe” ag an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh. Bhí Eoin Mac Néill 'n-a mhac-léighinn i gColáiste. Bhí cuid againn 'n-ár ngasúraibh beaga ag dul chum sgoile. Ní raibh an Ghaedhilg dá múineadh i leath-chéad sgoil i nÉirinn. Cheap gach éinne go raibh sí i mbéalaibh báis. Dá gcuirfidhe ceist 'n-a taoibh ar an gCraoibhín thall, is dócha gurab é an freagra thiurbhfadh sé: “Is baoghalach liom go bhfuil ré na Gaedhilge caithte. Tá sí ag imtheacht le fánaidh an chnuic ó ló go ló, — na sean-Ghaedhilgeoirí ag éalódh uainn i leabaidh a chéile, agus gan focal de'n teangan dá mhúineadh do'n dream óg atá ag éirghe suas. Mo léan, a cháirde, tá an Ghaedhilg i gcruadh-chás.” Is mar sin labhróchadh an Craoibhín an uair úd, acht ní mar sin a labhróchaidh sé an turas so. Béidh sgéala móra le fuagairt aige. Cath dá thabhairt arís ar son na hÉireann, an tír ag corruighe ó thráigh go tráigh; an Ghaedhilg dá múineadh i dtrí mhíle sgoil; Connradh na Gaedhilge go láidir tréan; Náisiún dá thógáil againn i ndiaidh a chéile. Ár mbeannacht leat, a Chraoibhín, go Gaedhealaibh Ameriocá! Go n-éirighidh do thuras leat, agus go gcasaidh tú slán!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services