Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Turas an Chraoibhín

Title
Turas an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Samhain 04, 1905.



Turas an Chraoibhín.



Seachtmhain ó indiu fágfaidh an
Craoibhín slán agus beannacht ag tír na
hÉireann. Crochfaidh sé seolta i
gCuan Chorcaighe, agus mar adéarfadh
sean-sgéalaidhe, imtheochaidh sé roimhe,
i gcuideachtain na gaoithe glan-
fhuaire go ngabhfaidh sé leithead a dhá
bhonn de thalamh Ameriocá.



Ní hí seo an chéad uair do'n
Chraoibhín ag imtheacht go dtí an
Domhan Thiar. Chaith sé tamall dá
óige ann ag múineadh litridheachta i
nÁrd-Sgoil. Ba lag í teanga na
hÉireann an t-am sin. Ní raibh
Connradh na Gaedhilge ar bun, ná
coinne ag éinne go gcuirfidhe a
leithéid ar bun. Ní raibh tosnuighthe
ar na “Ceachtaibh Simplidhe” ag an
Athair Eoghan Ó Gramhnaigh. Bhí Eoin
Mac Néill 'n-a mhac-léighinn i
gColáiste. Bhí cuid againn 'n-ár
ngasúraibh beaga ag dul chum sgoile.
Ní raibh an Ghaedhilg dá múineadh i
leath-chéad sgoil i nÉirinn. Cheap
gach éinne go raibh sí i mbéalaibh báis.
Dá gcuirfidhe ceist 'n-a taoibh ar
an gCraoibhín thall, is dócha gurab é
an freagra thiurbhfadh sé: “Is
baoghalach liom go bhfuil ré na
Gaedhilge caithte. Tá sí ag imtheacht
le fánaidh an chnuic ó ló go ló, — na
sean-Ghaedhilgeoirí ag éalódh uainn i
leabaidh a chéile, agus gan focal de'n
teangan dá mhúineadh do'n dream óg
atá ag éirghe suas. Mo léan, a
cháirde, tá an Ghaedhilg i gcruadh-chás.”



Is mar sin labhróchadh an Craoibhín
an uair úd, acht ní mar sin a labhróchaidh
sé an turas so. Béidh sgéala móra
le fuagairt aige. Cath dá thabhairt
arís ar son na hÉireann, an tír ag
corruighe ó thráigh go tráigh; an
Ghaedhilg dá múineadh i dtrí mhíle
sgoil; Connradh na Gaedhilge go
láidir tréan; Náisiún dá thógáil
againn i ndiaidh a chéile.



Ár mbeannacht leat, a Chraoibhín,
go Gaedhealaibh Ameriocá! Go
n-éirighidh do thuras leat, agus go gcasaidh
tú slán!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services