Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Búirdín Mharcaidheachta
Title
Búirdín Mharcaidheachta
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Búirdín Mharcaidheachta. Bhí fear agus bhí sé ag siubhal istigh i lár muinge. Gaedheal ab' ainm do, agus Mhuinge na hAindeise an áit mar a raibh sé ag siubhal. Ó Mhágh Gaedheal ab' eadh an fear, acht bhí sé i bhfad ag siubhal na muinge. Luachair go hos- gail air; féar go cromán air; cún- lach go hiosgaid air; uisge go béal bróg air; agus é go suaithte cráidhte. Ins an tsiubhal do, cia chífeadh sé, 'n-a sheasamh i n-áirde ar thúrtóig thirm, acht bearánach beag, piocaithe, bearrtha, agus cuma duine uasail air. Do labhair an bearánach. “An aithnigheann tú mise, a Ghaedh- il?” ar seisean. “An beannachadh chéadna dhuit, a dhuine uasail,” arsa Gaedheal, “agus níl aon aithne agam ort. Cia hé thú féin, led' thoil?” “Bórd is ainm domh-sa,” ars' an bearánach, “agus is ait an gnó dhuit-se bheith istigh i lár na muinge seo. Thána-sa féd' dhéin chun tú 'bhreith liom go Tír an Eolais,” ar seisean. “Faid saoghail chughat, a dhuine uasail,” arsa Gaedheal; “is annsoin díreach atá mo thriall, agus is maith uait teacht fém' dhéin.” “Druid anall annso láithreach, má 'seadh,” arsa Bórd, “agus leig thiar i n-áirde ort mé; is amhlaidh is giorra bheimíd fé shlighe,” ar seisean. Dhruid mo leadhb bhocht isteach chun na túrtóige, agus leig sé Búirdín ar marcaidheacht air. Shocruigh Búirdín é féin i n-áirde ar dhá shlinneán Ghaedhil annsoin, agus chuir sé snaidhm dá chosaibh go daingean fé n-a mhuineál. “Tabhair d'aghaidh soir anois,” arsa Búirdín, “agus lean ort lom díreach.” Do bhog Gaedheal chun siubail, agus Búirdín mharcaidheachta sa bhuaic aige; acht, má bhog, is amhlaidh bhí sé ag dul níos doimhne san achrann 'ná riamh. Ní fada bhí Búirdín ar iomchar aige nó gur mhothuigh sé an láthaigh fé n-a chos- aibh i n-ionad an chúnlaigh. “Is mithid dhuit anois,” arsa Búird- ín, “bheith ag foghluim béas, agus ag fogh- luim do phaidreacha, chun go mbeifeá chomh múinte béasach leo nuair a shroichfir Tír an Eolais. Abair an méid seo im' dhiaidh,” ar seisean, “‘agus maith dhúinn ar gcionnta mar a mhaith- imíd do chách a thugann marcaidheacht dúinn, agus ná leig sinn i gcathaibh, acht saor sinn ó'n bPápa.’” “Ní mar sin atá sé agam-sa i n-aon chor,” arsa Gaedheal. “Tá fhios agam-sa nách eadh,” arsa Búirdín. “Níl agat-sa acht paid- reacha na hAindeise,” ar sé, “agus sin
iad paidreacha an Eolais atáim-se a mhúineadh dhuit.” Ní dhéanfadh sé an gnó dho. Ní dhéarfadh Gaedheal na paidreacha dho, cé gur fhógair Búirdín air go mbeadh rian na hAindeise go deo air nó go bhfoghlumóch' sé paidreacha an Eolais. “'Seadh,” arsa Búirdín, “ó ná déanfá do leas i dtaobh na bpaid- reacha, léighmís stair de'n Bhíobla, agus míneochad-sa dhuit é. Tá sé cean- gailte orainn go léir éisteacht leis an Sgriptiúir. Féach air seo,” ar seisean: “Éireochaidh sé cinn de rígheachtaibh, agus imtheochaidh siad uile ar neamh-nídh. Agus éireochaidh an seacht- mhadh rígheacht agus ní thuitfidh an rígheacht soin go bráth.” Sin é, arsa Búirdín, “an righeacht atá ar t'aghaidh soir, mar a bhfeicir an ghrian ag éirghe, agus is ann atá Tír an Eolais.” “Ní mar sin a chloisinn-se é,” arsa Gaedheal. “Tá 'fhios agam-sa nách eadh,” ars' an bearánach i n-áirde. “Níor chual- aghis-se riamh acht Bíobla na hAin- deise, agus ní raibh mo leithéid-se agat a mhíneóch' duit é,” ar seisean. Bhíodar mar sin le n-a chéile, agus Gaedheal bocht ag dul i n-achrann sa láthaigh gach aon coiscéim dá dtugadh sé. Séideán agus saothar air; an chroidhe agus na haedhanna ag ruith ar a chéile aige; agus allus ar sileadh leis. “An fada eile bheimíd sa mhuing seo, a Bhúirdín?” arsa Gaedheal. “Is fada,” arsa Búirdín, “muna mbrostuighir. Cad 'n-a thaobh ná rith- eann tú?” ar seisean. “Leisge na hAindeise atá ort,” ar seisean, “agus is fearra dhuit leisge na hAindeise a chur díot i n-am.” (Tuilleadh) Feargus Finnbhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services