Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Búirdín Mharcaidheachta

Title
Búirdín Mharcaidheachta
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Búirdín Mharcaidheachta.



Bhí fear agus bhí sé ag siubhal istigh i
lár muinge. Gaedheal ab' ainm do,
agus Mhuinge na hAindeise an áit mar a
raibh sé ag siubhal. Ó Mhágh Gaedheal
ab' eadh an fear, acht bhí sé i bhfad ag
siubhal na muinge. Luachair go hos-
gail air; féar go cromán air; cún-
lach go hiosgaid air; uisge go béal
bróg air; agus é go suaithte cráidhte.



Ins an tsiubhal do, cia chífeadh sé,
'n-a sheasamh i n-áirde ar thúrtóig
thirm, acht bearánach beag, piocaithe,
bearrtha, agus cuma duine uasail air.
Do labhair an bearánach.



“An aithnigheann tú mise, a Ghaedh-
il?” ar seisean.



“An beannachadh chéadna dhuit, a
dhuine uasail,” arsa Gaedheal, “agus níl
aon aithne agam ort. Cia hé thú féin,
led' thoil?”



“Bórd is ainm domh-sa,” ars' an
bearánach, “agus is ait an gnó dhuit-se
bheith istigh i lár na muinge seo.
Thána-sa féd' dhéin chun tú 'bhreith liom
go Tír an Eolais,” ar seisean.



“Faid saoghail chughat, a dhuine
uasail,” arsa Gaedheal; “is annsoin
díreach atá mo thriall, agus is maith uait
teacht fém' dhéin.”



“Druid anall annso láithreach, má
'seadh,” arsa Bórd, “agus leig thiar i
n-áirde ort mé; is amhlaidh is giorra
bheimíd fé shlighe,” ar seisean.



Dhruid mo leadhb bhocht isteach chun
na túrtóige, agus leig sé Búirdín ar
marcaidheacht air.



Shocruigh Búirdín é féin i n-áirde
ar dhá shlinneán Ghaedhil annsoin, agus chuir
sé snaidhm dá chosaibh go daingean fé
n-a mhuineál.



“Tabhair d'aghaidh soir anois,” arsa
Búirdín, “agus lean ort lom díreach.”



Do bhog Gaedheal chun siubail, agus
Búirdín mharcaidheachta sa bhuaic aige;
acht, má bhog, is amhlaidh bhí sé ag dul
níos doimhne san achrann 'ná riamh. Ní
fada bhí Búirdín ar iomchar aige nó
gur mhothuigh sé an láthaigh fé n-a chos-
aibh i n-ionad an chúnlaigh.



“Is mithid dhuit anois,” arsa Búird-
ín, “bheith ag foghluim béas, agus ag fogh-
luim do phaidreacha, chun go mbeifeá
chomh múinte béasach leo nuair a
shroichfir Tír an Eolais. Abair an
méid seo im' dhiaidh,” ar seisean, “‘agus
maith dhúinn ar gcionnta mar a mhaith-
imíd do chách a thugann marcaidheacht
dúinn, agus ná leig sinn i gcathaibh, acht
saor sinn ó'n bPápa.’”



“Ní mar sin atá sé agam-sa i
n-aon chor,” arsa Gaedheal.



“Tá fhios agam-sa nách eadh,” arsa
Búirdín. “Níl agat-sa acht paid-
reacha na hAindeise,” ar sé, “agus sin


L. 04


iad paidreacha an Eolais atáim-se a
mhúineadh dhuit.”



Ní dhéanfadh sé an gnó dho. Ní
dhéarfadh Gaedheal na paidreacha dho,
cé gur fhógair Búirdín air go mbeadh
rian na hAindeise go deo air nó go
bhfoghlumóch' sé paidreacha an Eolais.



“'Seadh,” arsa Búirdín, “ó ná
déanfá do leas i dtaobh na bpaid-
reacha, léighmís stair de'n Bhíobla, agus
míneochad-sa dhuit é. Tá sé cean-
gailte orainn go léir éisteacht leis
an Sgriptiúir. Féach air seo,” ar
seisean: “Éireochaidh sé cinn de
rígheachtaibh, agus imtheochaidh siad uile ar
neamh-nídh. Agus éireochaidh an seacht-
mhadh rígheacht agus ní thuitfidh an rígheacht
soin go bráth.” Sin é, arsa Búirdín,
“an righeacht atá ar t'aghaidh soir,
mar a bhfeicir an ghrian ag éirghe, agus is
ann atá Tír an Eolais.”



“Ní mar sin a chloisinn-se é,” arsa
Gaedheal.



“Tá 'fhios agam-sa nách eadh,” ars'
an bearánach i n-áirde. “Níor chual-
aghis-se riamh acht Bíobla na hAin-
deise, agus ní raibh mo leithéid-se agat a
mhíneóch' duit é,” ar seisean.



Bhíodar mar sin le n-a chéile, agus
Gaedheal bocht ag dul i n-achrann sa
láthaigh gach aon coiscéim dá dtugadh
sé. Séideán agus saothar air; an chroidhe
agus na haedhanna ag ruith ar a chéile
aige; agus allus ar sileadh leis.



“An fada eile bheimíd sa mhuing
seo, a Bhúirdín?” arsa Gaedheal.



“Is fada,” arsa Búirdín, “muna
mbrostuighir. Cad 'n-a thaobh ná rith-
eann tú?” ar seisean. “Leisge na
hAindeise atá ort,” ar seisean, “agus
is fearra dhuit leisge na hAindeise a
chur díot i n-am.”



(Tuilleadh)



Feargus Finnbhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services