Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 21, 1905. Éire Dubhramar tá seachtmhain ó shoin ann go mbadh cheart do Ghaedhealaibh Éire do ghrádhughadh thar gach nídh shaoghalta eile. Agus go cé an nídh Éire? nó cá bhfuil Éire? An fód glas fá n-ár gcosaibh; an spéar réaltach os ár gcionn; an ghrian a shoillsigheas ar na bántaibh; an ghaoth a shéideas 'n-ár gcluasaibh; — is cuid d'Éirinn gach nídh aca so. Gach cnoc ceann-árd a éirgheas go huaibhreach os cionn na machairí; gach gleanntán uaigneach i measg na gcnoc soin; gach eas cubhar-bhán a lingeas ó ghualainn sléibhe ar an máigh anuas; gach sruth agus sruthán a ghluaiseas go glórach ar fud na machairí; gach leathan-loch 'n-a luighe go huaigneach fá sgáth na mbeann; — is cuid d'Éirinn iad so freisin. Gach éinín a eiteallas ó chraoibh go craobh ins an gcoill; gach ainmhidhe éigcéillidhe a shiubhlas an talamh nó a shnámhas san uisge; gach billeoig crainn, gach ribe féir, gach nóinín buidhe a fhásas ó thalamh na hÉireann aníos; — is cuid d'Éirinn gach uile nídh aca. Gach bothán ar leacain chnuic nó ar bhruach mhóin- teáin; gach sean-duine críonna, gach maighdean mhodhamhail, gach páiste cos- nochtuighthe a ropas leis ar fud an tsléibhe; — is cuid d'Éirinn iad so go léir. An Ghaedhilg féin, is gach sean-sgéal is sean-amhrán is sean- rann is sean-fhocal dá bhfuil sa nGaedhilg, is cuid d'Éirinn iad. Is iomdha guth ag Éirinn; agus is iomdha áit 'n-a gcluinimíd ag labhairt linn í. Labhrann sí linn ar chrónán na gaoithe agus na h-abhann; airighmíd a glór i gcogarnaighil na gcrann agus i gceil- eabhar na n-éan; i n-amhrán na sean- mhná ag sniomhacán cois teineadh agus i ngeal-gháire an pháiste ag cleasaidh- eacht ar an mbóthar. Má's áil linn Éire do ghrádhughadh mar is ceart, bíodh grádh againn do gach nídh aca so, mar is léithi iad go léir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services