An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 21, 1905.
Éire
Dubhramar tá seachtmhain ó shoin
ann go mbadh cheart do Ghaedhealaibh
Éire do ghrádhughadh thar gach nídh
shaoghalta eile.
Agus go cé an nídh Éire? nó cá
bhfuil Éire?
An fód glas fá n-ár gcosaibh; an
spéar réaltach os ár gcionn; an
ghrian a shoillsigheas ar na bántaibh;
an ghaoth a shéideas 'n-ár gcluasaibh;
— is cuid d'Éirinn gach nídh aca so.
Gach cnoc ceann-árd a éirgheas go
huaibhreach os cionn na machairí; gach
gleanntán uaigneach i measg na gcnoc
soin; gach eas cubhar-bhán a lingeas ó
ghualainn sléibhe ar an máigh anuas;
gach sruth agus sruthán a ghluaiseas go
glórach ar fud na machairí; gach
leathan-loch 'n-a luighe go huaigneach
fá sgáth na mbeann; — is cuid d'Éirinn
iad so freisin. Gach éinín a eiteallas
ó chraoibh go craobh ins an gcoill; gach
ainmhidhe éigcéillidhe a shiubhlas an
talamh nó a shnámhas san uisge; gach
billeoig crainn, gach ribe féir, gach
nóinín buidhe a fhásas ó thalamh na
hÉireann aníos; — is cuid d'Éirinn
gach uile nídh aca. Gach bothán
ar leacain chnuic nó ar bhruach mhóin-
teáin; gach sean-duine críonna, gach
maighdean mhodhamhail, gach páiste cos-
nochtuighthe a ropas leis ar fud
an tsléibhe; — is cuid d'Éirinn iad so
go léir. An Ghaedhilg féin, is gach
sean-sgéal is sean-amhrán is sean-
rann is sean-fhocal dá bhfuil sa
nGaedhilg, is cuid d'Éirinn iad. Is
iomdha guth ag Éirinn; agus is iomdha áit
'n-a gcluinimíd ag labhairt linn í.
Labhrann sí linn ar chrónán na gaoithe
agus na h-abhann; airighmíd a glór i
gcogarnaighil na gcrann agus i gceil-
eabhar na n-éan; i n-amhrán na sean-
mhná ag sniomhacán cois teineadh agus i
ngeal-gháire an pháiste ag cleasaidh-
eacht ar an mbóthar.
Má's áil linn Éire do ghrádhughadh
mar is ceart, bíodh grádh againn do
gach nídh aca so, mar is léithi iad go
léir.