Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An gnó atá romhainn
Title
An gnó atá romhainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 14, 1905. An gnó atá romhainn Goidé an rún comhairle atá curtha roimhe ag Connradh na Gaedhilge? Tá, náisiún do thógáil ins an tír seo arís. A cháirde, ní suarach ná ní beag le rádh an obair í sin. Obair mhór 'seadh í. Obair uasal onórach 'seadh í. Obair nach gcuirfear i gcrích gan doimhneacht smaointe, agus géire intinne, agus misneach meanman, agus cruadhas lámh do bheith ins an mhuinntir rachadh ag dréim léithi. Sinne atá i mbun na hoibre sin, an dtuigimíd i gceart í? An léar dúinn a huaisleacht agus a háilleacht? An léar dúinn an brígh agus a héifeacht? An dtuig- imíd cia an chiall atá leis an saothar so atá ar bun againn, nó cia an fáth go saothrach sinn i n-aon chor? Is baoghalach gurab annamh smaoin- eas cuid againn ar na ceisteannaibh seo. Is baoghalach gurb annamh smaoineas cuid againn gurab ar son Éireann atá Connradh na Gaedhilge ag obair. Tá daoine i gConnradh na Gaedhilge agus cheapfá ortha gurab ar a son féin atá siad ag obair. Tá daoine eile agus cheapfá ortha gurab ar son a gceanntair nó a gconntae nó a gcúige féin atá siad ag obair. Tá daoine eile agus ní bheadh a fhios agat cad ar a son bhfuil siad ag obair. B'féidir nach bhfuil a fhios aca féin é. A cháirde, ní ar mhaithe leis an dream so ná leis an dream úd, ní ar mhaithe leis an gcúige seo ná leis an gcúige úd, ní ar mhaithe leis an nGaedhilg féin, atá Connradh na Gaedhilge, — acht ar mhaithe na hÉirinn. 'Sí Éire, agus ní hí a malairt, bun agus bárr agus tús agus deireadh an sgéil. Is ar Éirinn badh cheart dúinn smaoin- eadh ár dtús: is d'Éirinn badh cheart tús onóra agus tús grádha a bheith ag dul.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services