Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An gnó atá romhainn

Title
An gnó atá romhainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 14, 1905.



An gnó atá romhainn



Goidé an rún comhairle atá curtha
roimhe ag Connradh na Gaedhilge?
Tá, náisiún do thógáil ins an tír seo
arís.



A cháirde, ní suarach ná ní beag le
rádh an obair í sin. Obair mhór 'seadh
í. Obair uasal onórach 'seadh í.
Obair nach gcuirfear i gcrích gan
doimhneacht smaointe, agus géire intinne,
agus misneach meanman, agus cruadhas lámh
do bheith ins an mhuinntir rachadh ag
dréim léithi.



Sinne atá i mbun na hoibre sin, an
dtuigimíd i gceart í? An léar dúinn
a huaisleacht agus a háilleacht? An léar
dúinn an brígh agus a héifeacht? An dtuig-
imíd cia an chiall atá leis an saothar so
atá ar bun againn, nó cia an fáth go
saothrach sinn i n-aon chor?



Is baoghalach gurab annamh smaoin-
eas cuid againn ar na ceisteannaibh
seo. Is baoghalach gurb annamh
smaoineas cuid againn gurab ar son
Éireann atá Connradh na Gaedhilge
ag obair. Tá daoine i gConnradh na
Gaedhilge agus cheapfá ortha gurab ar a
son féin atá siad ag obair. Tá
daoine eile agus cheapfá ortha gurab ar
son a gceanntair nó a gconntae
nó a gcúige féin atá siad ag obair.
Tá daoine eile agus ní bheadh a fhios agat
cad ar a son bhfuil siad ag obair.
B'féidir nach bhfuil a fhios aca féin é.



A cháirde, ní ar mhaithe leis an
dream so ná leis an dream úd, ní ar
mhaithe leis an gcúige seo ná leis an
gcúige úd, ní ar mhaithe leis an
nGaedhilg féin, atá Connradh na
Gaedhilge, — acht ar mhaithe na hÉirinn.
'Sí Éire, agus ní hí a malairt, bun
agus bárr agus tús agus deireadh an sgéil.
Is ar Éirinn badh cheart dúinn smaoin-
eadh ár dtús: is d'Éirinn badh cheart
tús onóra agus tús grádha a bheith ag dul.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services