Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brian Imperator Scotorum
Title
Brian Imperator Scotorum
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tAonmhadh Ceann ar Fhichid. Brian Imperator Scotorum. Tháinig Murchadh ar cheann de sna dreamaibh gall- da. Phreab Anrúd foirtil amach air. Bhí cuisleanna láidre Mhurchadha ar sileadh leis le tuirse ó bheith ag marbhughadh fear feadh an lae, agus is beag nách raibh an luadháil imthighthe asta. Mar sin féin, d'éirigh a bhruth nuair do chonnaic sé an taoiseach Lochlannach, agus léim sé isteach air fá do léimfeadh leomhain, chas sé ar a chéile é, bhuail sé fé é, strac sé an lúireach amach thar mhullach cinn dhe, agus thiomáin sé claidheamh an Lochlann- aigh féin trí huaire thré n-a chorp síos go talamh. Bhí an Lochlannach ag meabhlaigh is ag scréachaigh mar a bheadh cat fiadhaigh agus ar nós an chait fhiadhaigh, chuir sé gatha uaidh amach, mar sop sé scian dhubh suas thré shliasaid Mhurchadha. Mhair Murchadha go lá, agus fuair sé an sagart. Bhí sé mar shásamh aige na Lochlannaigh go léir d'fheicsint ag briseadh ar gach taobh de, agus ag teicheadh go dún Átha Cliath. Chonnaic sé Maelsheachlainn ag briseadh thríotha agus ag bualadh cipe dlúith idir iad agus droichead na Life, agus chualaidh sé liúgh bhuadhthach na nÉireannach ar an dtóir ag déanamh mion-rab díobh ar an mbóthar. San am gcéadna d'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh go hobann fá mar do chorróchadh smaoineamh éigin é. “Féach amach, a Laoighín, cloisim glór an chatha.” “Tá na Gaill go léir ag rith le n-a n-anamanaibh agus na Gaedhil ar a dtóir. Tá meirge Mhurchadha ar lár!” Phreab Brian 'na sheasamh. “Dubhach é an scéal do chloisim! Murchadh ar lár! Ní fheicfidh fir nÉireann go deo arís a leithéid de ghaiscidheach: duairc é an saoghal gan Murchadh! beag ó brígh mo bheathadh gan Murchadh! Cá bhfuil mo ghárda? Ghlaoidhuigh chugham iad.” Acht bhris ar an bhfoidhne ag an ngárda, agus phreabadar ar thóir na Lochlannach. Bhuail an t-Áird-Rí é féin ar a ghlúnaibh arís, agus chrom sé ar ghuidhe le hanamanaibh na marbh do fuair bás ar son na hÉireann. “Teichimís fá dhéin phuible an Airm, a Áird-Rí, tá dreamanna Lochlannach ag gabháil thorainn ag teicheadh ó'n gcath,” adeir an giolla cuirp. “Ní heol do rígh teicheadh. Níor chás orm ná fág- fainn an láthair seo beo: tá Murchadh is Dál gCais ar lár:” agus chrom sé ar shailmeacht arís. “Tá dorn fear ag gabháil i leith chughainn,” adeir an giolla cuirp. “Cad iad an saghas fear iad?” “Fir ghlasa, is iad lomnochta.” “Lochlannaigh lúirighthe,” arsa Brian, is phreab sé 'na shuidhe, is nocht a chlaidheamh. “Sagart,” arsa Bruadar fiadháin fuinneamhail ag féachaint isteach sa chábán ríoghamhail, is ag tarraing leis, mar bhí sé ag teicheadh d'éis an chatha — rud ba dheacair leis a dhéanamh mar do b'é an fear árd dubh so na féasóige is na gruaige fada so do shíneadh chum a chaoil, an taoiseach ba dhíscire ar Lochlannaibh. D'fhéach fear eile isteach: “sagart,” ar seisean leis. “Ní headh! ní headh!” ar Lochlannach eile, “is é an tÁird-Rí é!” Rith Bruadar ar n-ais is tuagh dhá-fhaobhar ar tarraing aige. Phreab Brian i leath-taoibh ó'n iarracht, chas sé a chlaidheamh is sciob sé an dá chois ó ghlúin de Bhruadar, acht nuair do bhí seisean ag tuitim siar thug sé urchar de'n tuaigh agus, mo mhíle truagh, bhuail a bhéal i gclár an éadain Brian, agus thuit sé ar mhullach an Lochlannaigh. Ar an nóimit gcéadna d'fhill an gárda ó thoir na Lochlannach mar tháinig faitchíos éigin ortha bheith chomh fada amuigh. Ró-dhéidheannach, a ghárda mhí-fhoidhnigh fhaillighthigh; tá bhur nÁird-Rí marbh, acht tá an Lochlannach fé thíos fá mar do bhí riamh. Agus do b'é creach theinn dhóighte na hÉireann na trí glúine de'n tsliocht ríoghamhail — Brian is Murchadh is Toirdhealbhach, mac Mhurchadha, an t-aosánach gaisceamhail na gcúig mbliadhan déag do chomhraic feadh an lae chruaidh ar ghualainn a athar is do fuarthas báidhte i ndiaidh an chatha cois choradh Chluain Tairbh ar marcaidheacht mar ba dhual dó ar Lochlannach is a dhá láimh i n-achrann 'na úrla dubh. Agus ba dhaor an lá buaidh é! Tá seacht míle Éireannach is dhá mhíle dhéag Lochlannach sínte 'na gcuid fola ar mhachaire an áir, na taoisigh go léir nách beag 'na gcodladh le n-a gcois, agus 'na dteannta leis céadta créachta d'fhearaibh tréana. D'éirigh boladh trom úr as an mbán ar aer an tráth- nóna úd, is d'eiteall scaoth cág is fiach dubh ó'n dtuaith i leith, is scaoth faoileán ó'n bhfairrge aníos is bolg-shúil ortha, is throideadar is screadadar, is bhuail an taoide le hochón ar an dtráigh, is d'éaluigh an oidhche fhuar dhubh anuas ar Chluain Tairbh. Leath tuairisc an chatha ar faid na dúithchí. Thuaidh i gcríochaibh Lochlann agus i n-oileánaibh i dtuaiscirt Alban, dubhairt Págánaigh na haimsire úd go bhfeacadar samhaileacha san aer lá Chluain Tairbh — éin ar chruth ban- déithe ag eiteallaigh andeas ó Éirinn ag scréachaigh, agus comharthaí eile ná luaidhmíd annso. Tháinig spéaraoidí ar dhaoinibh eile leis seachas na Págánachaibh, is chonnaic is labhair taoiseach Gaedh- ealach le bean-sídhe agus mheas sí é 'chongbháil as an gcath. B'fhéidir go bhfeacaidh duine éigin gheal-dubh 'na seasamh cois cróchair i gCluain Tairbh, gruadh uaibhreach uirthi is claidheamh Bhriain 'na láimh aici: chualadar cogarnaigh leis — “Scaoilis an chuing dem' bhraghaid, a Bhriain, beir buaidh id' bhás: tá sé i ndán dom tréin-fhir d'oileamhain is do chailleamhain, acht ní raibh agam agus ní bheidh go deo acht aon Bhrian amháin,” Agus d'fhreagair mac-alla os cionn an chróchair — b'fhéidir gur bh'í an taoide í, b'fhéidir gur bh'í an ghaoth í — “Tioc- faidh leithéid Bhriain i gcionn míle blaidhan.” (A chríoch soin). Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services