Éire
Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.
An tAonmhadh Ceann ar Fhichid.
Brian Imperator Scotorum.
Tháinig Murchadh ar cheann de sna dreamaibh gall-
da. Phreab Anrúd foirtil amach air. Bhí cuisleanna
láidre Mhurchadha ar sileadh leis le tuirse ó bheith ag
marbhughadh fear feadh an lae, agus is beag nách raibh an
luadháil imthighthe asta. Mar sin féin, d'éirigh a bhruth
nuair do chonnaic sé an taoiseach Lochlannach, agus léim
sé isteach air fá do léimfeadh leomhain, chas sé ar a
chéile é, bhuail sé fé é, strac sé an lúireach amach thar
mhullach cinn dhe, agus thiomáin sé claidheamh an Lochlann-
aigh féin trí huaire thré n-a chorp síos go talamh. Bhí
an Lochlannach ag meabhlaigh is ag scréachaigh mar a
bheadh cat fiadhaigh agus ar nós an chait fhiadhaigh, chuir sé
gatha uaidh amach, mar sop sé scian dhubh suas thré
shliasaid Mhurchadha.
Mhair Murchadha go lá, agus fuair sé an sagart. Bhí sé
mar shásamh aige na Lochlannaigh go léir d'fheicsint
ag briseadh ar gach taobh de, agus ag teicheadh go dún Átha
Cliath. Chonnaic sé Maelsheachlainn ag briseadh thríotha
agus ag bualadh cipe dlúith idir iad agus droichead na Life,
agus chualaidh sé liúgh bhuadhthach na nÉireannach ar an
dtóir ag déanamh mion-rab díobh ar an mbóthar.
San am gcéadna d'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh
go hobann fá mar do chorróchadh smaoineamh éigin é.
“Féach amach, a Laoighín, cloisim glór an chatha.”
“Tá na Gaill go léir ag rith le n-a n-anamanaibh agus
na Gaedhil ar a dtóir. Tá meirge Mhurchadha ar lár!”
Phreab Brian 'na sheasamh. “Dubhach é an scéal do
chloisim! Murchadh ar lár! Ní fheicfidh fir nÉireann
go deo arís a leithéid de ghaiscidheach: duairc é an
saoghal gan Murchadh! beag ó brígh mo bheathadh gan
Murchadh! Cá bhfuil mo ghárda? Ghlaoidhuigh chugham
iad.” Acht bhris ar an bhfoidhne ag an ngárda, agus
phreabadar ar thóir na Lochlannach.
Bhuail an t-Áird-Rí é féin ar a ghlúnaibh arís, agus chrom
sé ar ghuidhe le hanamanaibh na marbh do fuair bás ar
son na hÉireann.
“Teichimís fá dhéin phuible an Airm, a Áird-Rí, tá
dreamanna Lochlannach ag gabháil thorainn ag teicheadh
ó'n gcath,” adeir an giolla cuirp.
“Ní heol do rígh teicheadh. Níor chás orm ná fág-
fainn an láthair seo beo: tá Murchadh is Dál gCais
ar lár:” agus chrom sé ar shailmeacht arís.
“Tá dorn fear ag gabháil i leith chughainn,” adeir an
giolla cuirp.
“Cad iad an saghas fear iad?”
“Fir ghlasa, is iad lomnochta.”
“Lochlannaigh lúirighthe,” arsa Brian, is phreab sé
'na shuidhe, is nocht a chlaidheamh.
“Sagart,” arsa Bruadar fiadháin fuinneamhail ag
féachaint isteach sa chábán ríoghamhail, is ag tarraing
leis, mar bhí sé ag teicheadh d'éis an chatha — rud ba
dheacair leis a dhéanamh mar do b'é an fear árd dubh
so na féasóige is na gruaige fada so do shíneadh chum a
chaoil, an taoiseach ba dhíscire ar Lochlannaibh. D'fhéach
fear eile isteach: “sagart,” ar seisean leis. “Ní
headh! ní headh!” ar Lochlannach eile, “is é an
tÁird-Rí é!” Rith Bruadar ar n-ais is tuagh dhá-fhaobhar ar
tarraing aige. Phreab Brian i leath-taoibh ó'n iarracht,
chas sé a chlaidheamh is sciob sé an dá chois ó ghlúin de
Bhruadar, acht nuair do bhí seisean ag tuitim siar thug
sé urchar de'n tuaigh agus, mo mhíle truagh, bhuail a bhéal i
gclár an éadain Brian, agus thuit sé ar mhullach an
Lochlannaigh. Ar an nóimit gcéadna d'fhill an gárda
ó thoir na Lochlannach mar tháinig faitchíos éigin ortha
bheith chomh fada amuigh.
Ró-dhéidheannach, a ghárda mhí-fhoidhnigh fhaillighthigh;
tá bhur nÁird-Rí marbh, acht tá an Lochlannach fé thíos
fá mar do bhí riamh. Agus do b'é creach theinn dhóighte
na hÉireann na trí glúine de'n tsliocht ríoghamhail —
Brian is Murchadh is Toirdhealbhach, mac Mhurchadha, an
t-aosánach gaisceamhail na gcúig mbliadhan déag do
chomhraic feadh an lae chruaidh ar ghualainn a athar is
do fuarthas báidhte i ndiaidh an chatha cois choradh
Chluain Tairbh ar marcaidheacht mar ba dhual dó ar
Lochlannach is a dhá láimh i n-achrann 'na úrla dubh.
Agus ba dhaor an lá buaidh é! Tá seacht míle
Éireannach is dhá mhíle dhéag Lochlannach sínte 'na
gcuid fola ar mhachaire an áir, na taoisigh go léir nách
beag 'na gcodladh le n-a gcois, agus 'na dteannta leis
céadta créachta d'fhearaibh tréana.
D'éirigh boladh trom úr as an mbán ar aer an tráth-
nóna úd, is d'eiteall scaoth cág is fiach dubh ó'n
dtuaith i leith, is scaoth faoileán ó'n bhfairrge aníos
is bolg-shúil ortha, is throideadar is screadadar, is
bhuail an taoide le hochón ar an dtráigh, is d'éaluigh
an oidhche fhuar dhubh anuas ar Chluain Tairbh.
Leath tuairisc an chatha ar faid na dúithchí. Thuaidh i
gcríochaibh Lochlann agus i n-oileánaibh i dtuaiscirt Alban,
dubhairt Págánaigh na haimsire úd go bhfeacadar
samhaileacha san aer lá Chluain Tairbh — éin ar chruth ban-
déithe ag eiteallaigh andeas ó Éirinn ag scréachaigh,
agus comharthaí eile ná luaidhmíd annso.
Tháinig spéaraoidí ar dhaoinibh eile leis seachas na
Págánachaibh, is chonnaic is labhair taoiseach Gaedh-
ealach le bean-sídhe agus mheas sí é 'chongbháil as an gcath.
B'fhéidir go bhfeacaidh duine éigin gheal-dubh 'na
seasamh cois cróchair i gCluain Tairbh, gruadh uaibhreach
uirthi is claidheamh Bhriain 'na láimh aici: chualadar
cogarnaigh leis — “Scaoilis an chuing dem' bhraghaid,
a Bhriain, beir buaidh id' bhás: tá sé i ndán dom
tréin-fhir d'oileamhain is do chailleamhain, acht ní raibh
agam agus ní bheidh go deo acht aon Bhrian amháin,” Agus
d'fhreagair mac-alla os cionn an chróchair — b'fhéidir
gur bh'í an taoide í, b'fhéidir gur bh'í an ghaoth í — “Tioc-
faidh leithéid Bhriain i gcionn míle blaidhan.”
(A chríoch soin).
Conán Maol