Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
I nGaillimh na gCloch
Title
I nGaillimh na gCloch
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 07, 1905. I nGaillimh na gCloch. I “nGaillimh na ngcloch” dúinn lá, bhíomar i séis chomhráidh le Gaedheal áirithe de Ghaedhealaibh calma na cathrach soin. Nídh nach iongnadh, is thar obair Chonnartha na Gaedhilge bhíomar ag trácht. Tarraingeadh anuas ainm sagairt dúthrachtaigh áirithe. Ní luadhfar a ainm annso, acht gach éinne a bhfuil aithne aige ar Ghaillimh béidh a fhios aige cé hé féin. Ní fhéadfá leath-uair do thabhairt i gcathair na gcloch gan sgéal éigin do chloisint fá ghníomharthaibh an Athar P—. “An dtuigeann an tAthair P— aon chongnamh díbh?” arsa sinne le n-ár nduine muinnteardha. “Do chonnradh na Gaedhilge an eadh?” “'Seadh.” “Ár ndóigh, is ionndamhail go mbíonn an tAthair P— ró-chruadh- ógach le aire 'thabhairt do thata taobh amuigh de'n Facthory; acht innseoch- aidh mé dhuit céard dhéanas sé: ní labhruigheann sé focal acht Gaedhilg le duine ar bith a bhfuil Gaedhilg aige.” NÍ LABHRUIGHEANN SÉ ACHT GAEDHILG LE GAEDHILGEOIRÍBH. Bhfuil duine as an gcéad de lucht léighte AN CHLAIDHIMH seo a bhféad- faidhe an méid sin do rádh le fírinne 'n-a thaoibh? Bhfuil duine as an míle? Támuid i n-amhras faoi. NÍ LABHRUIGHEANN SÉ ACHT GAEDHILG LE GAEDHILGEOIRÍBH. Dá ndéanfadh gach duine i nÉirinn a bhfuil an Ghaedhilg aige an oiread céadna bheadh an Ghaedhilg sábháilte. Machtnuigh ar an méid sin, a Ghaedhilgeoir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services