Historical Irish Corpus
1600 - 1926

I nGaillimh na gCloch

Title
I nGaillimh na gCloch
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 07, 1905.



I nGaillimh na gCloch.



I “nGaillimh na ngcloch” dúinn lá,
bhíomar i séis chomhráidh le Gaedheal
áirithe de Ghaedhealaibh calma na
cathrach soin. Nídh nach iongnadh, is
thar obair Chonnartha na Gaedhilge
bhíomar ag trácht. Tarraingeadh
anuas ainm sagairt dúthrachtaigh
áirithe. Ní luadhfar a ainm annso,
acht gach éinne a bhfuil aithne aige ar
Ghaillimh béidh a fhios aige cé hé féin.
Ní fhéadfá leath-uair do thabhairt i
gcathair na gcloch gan sgéal éigin do
chloisint fá ghníomharthaibh an Athar
P—.



“An dtuigeann an tAthair P—
aon chongnamh díbh?” arsa sinne le
n-ár nduine muinnteardha.



“Do chonnradh na Gaedhilge an
eadh?”



“'Seadh.”



“Ár ndóigh, is ionndamhail go
mbíonn an tAthair P— ró-chruadh-
ógach le aire 'thabhairt do thata taobh
amuigh de'n Facthory; acht innseoch-
aidh mé dhuit céard dhéanas sé: ní
labhruigheann sé focal acht Gaedhilg
le duine ar bith a bhfuil Gaedhilg
aige.”



NÍ LABHRUIGHEANN SÉ ACHT
GAEDHILG LE GAEDHILGEOIRÍBH.
Bhfuil duine as an gcéad de lucht
léighte AN CHLAIDHIMH seo a bhféad-
faidhe an méid sin do rádh le fírinne
'n-a thaoibh? Bhfuil duine as an míle?
Támuid i n-amhras faoi.



NÍ LABHRUIGHEANN SÉ ACHT
GAEDHILG LE GAEDHILGEOIRÍBH.
Dá ndéanfadh gach duine i nÉirinn a
bhfuil an Ghaedhilg aige an oiread
céadna bheadh an Ghaedhilg sábháilte.



Machtnuigh ar an méid sin, a
Ghaedhilgeoir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services