Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brian Imperator Scotorum
Title
Brian Imperator Scotorum
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tAonmhadh Ceann ar Fhichid. Brian Imperator Scotorum. Bhí an tÁird-Rí ag paidreoireacht ar feadh trí huair an chluig gan staonadh agus ar feadh na haimsire bhí Murchadh ag comhrac, agus a leithéid de chomhrac le déineacht ní dócha gur fearadh riamh i nÉirinn. Gaiscidhigh do b'eadh iad an Bhuidhean Ghlas do bhí i gcoinnibh Dáil gCais, agus is é teist na Lochlannach féin sa chunntas do thugaid ar an gcath ná feacathas leithéid Mhurchadh riamh. 'Sé mo thuairim féin ná raibh aon fhear i nÉirinn mar é ó cailleadh Oscar. Bhí claidheamh i ngach láimh leis, mar bhí sé comh-dheas is comh-chlé, agus bhí a bhuillí chomh trom soin go mbainfidís greim as aon lúireach do buaileadh ar ionneoin. Níor thug sé an tarna buille d'éin-fhear is ghabh sé thríotha is tharsa sé huaire diaidh ar ndiaidh. D'éis an sémhadh ruthaig ba bheag de'n Bhuidhin Ghlais do bhí 'na seasamh, agus is mo thuairim gur thuiteadar go léir timcheall an bhaill mar a bhfuil oifig Chonnartha na Gaedhilge suidhte i Sráid Uí Chonaill. Do b'as soin ó thuaidh go coradh Chluain Tairbh bhí an t-éirleach ar fad. Ghabh na Connachtaigh fá Ó Ceallaigh is Ó hEidhin thré Lochlannaibh Átha Cliath. Bhí Ó Faoláin na nDéise is Cárrthaigh Dheas-Mhumhan ag gabháil do sna Danaraibh do tháinig thar lear, agus bhí Eoghánacht Locha Léin fa Ó Donnchadha an Ghleanna, is treabha Chiarraighe fá Chian Ó Shéagha Uibh Ráthaigh, is Ó Failbhe Fionn Chorca Dhuibhne, ag gabháil do Mhaelmhuire Laighean. D'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh i meadhon lae, ghlaodhuigh sé chuige ar a ghiolla cuirp is chuir sé tuairisc air cionnus do bhí an cath ag dul. “Tá gal as na fearaibh is smúit os a gcionn,” adeir sé, “agus is cosmhail an fothram le glór meithleacha fear ag leagadh crann le tuaghannaibh; tá meirge Mhurchadha ar leathadh is brait Dáil gCais 'na thimcheall.” Ba mhar a chéile an meirge úd Murchadha is meirge ríghthe na Teamhrach, agus ceapaim gur de shíoda dhearg do bhí an meirge sin déanta agus deilbh leomhain bhuidhe fighte thré n-a lár. Bhíodh an brat uaithne ann leis ag righthibh cúige. D'athruigh is chóirigh an giolla cuirp peiliúr an Áird-Ríogh is chrom seisean ar shailmeacht arís go dúthrachtach. Bhí an cath ag fearadh gan sos ná staonadh, gleo is uaill is liúghraigh is fuaim claidheamh, fir anois is arís ag rith i leath-thaoibh, go dtí glaise cois choille Thómrair, ag sloghadh braoin uisce is ag tumadh a lámha allasach atthuighthe san uisce ag iarraidh fuaráin d'fhágháil, is ag rith ar n-ais isteach sa bhruighin. Do b'iomdha iad a ngníomhartha gaisce. Um mheadhon lae raob Sígurd isteach ar Dál gCais is chrom ar iad do ghearradh mar ghearrfadh buainteoir an coirce, mar bhí lúireach chruaidh uimis ná bainfeadh aon chlaidheamh dá ghéire greim aisti. Laoch do b'eadh é leis nár buadhadh riamh air. Chonnaic Murchadh uaidh é dá n-éirleach is ghearr sé bealach fá n-a dhéin, agus b'uathbhásach é fothram na beirte ag baint teine-chreasa as lúireachaibh a chéile. Deir cunntas na Lochlannach gur phléasg buille de chlaidheamh dheis Mhurchadha búclaí iarainn chinn-chlogaid Shíguird, is le claidheamh na láimhe clé gur scoilt sé go crománaibh é. Lean an bhruighean gharg ar feadh an lae. Ní raibh aon fhonn teichthe ar aon taobh, agus do chífeá fá mar do chonnaic Maelsheachlainn do bhí 'na chúl-báire ar árdán ar imeall an chatha dlaoithe gruaige agus spreacha fola dá mbreith leis an ngaoith. Amach sa lá bhí na Gaedhil ag buachtain le duadh, agus bhris cuid de sna cipíbh gallda, acht níor bh'fhéidir bris- eadh ortha ar fad, mar bhí dreama díscireacha dhíobh thall 's i bhfus, agus a dtaoisigh dána ar a gceann. Ba chosmhail páirc an bhuailte le coill mhóir go mbeadh bearnaí gearrtha thríthí agus a leath-leagtha, mar bhí taois- each i bhfuirm bile annso agus ceann eile annsúd, agus claidhmhthigh i bhfuirm crann 'na dtimcheall. “Tá meirge Mhurchadha ag druidim soir is siar sa chath, agus na fir measctha um a chéile,” arsa giolla cuirp an Áird-Ríogh. “Ag cur misnigh ar an arm atá an laoch soin. Is ionmhuin le fearaibh Éireann meirge Mhurchadha, agus troid- fid le fuinneamh 'na chomhgar,” adeir an tÁird-Rí, agus chrom ar a urnaighthibh arís. (ar leanamhaint) Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services