Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brian Imperator Scotorum

Title
Brian Imperator Scotorum
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An tAonmhadh Ceann ar Fhichid.



Brian Imperator Scotorum.



Bhí an tÁird-Rí ag paidreoireacht ar feadh trí
huair an chluig gan staonadh agus ar feadh na haimsire
bhí Murchadh ag comhrac, agus a leithéid de chomhrac le
déineacht ní dócha gur fearadh riamh i nÉirinn.
Gaiscidhigh do b'eadh iad an Bhuidhean Ghlas do bhí i
gcoinnibh Dáil gCais, agus is é teist na Lochlannach féin
sa chunntas do thugaid ar an gcath ná feacathas
leithéid Mhurchadh riamh. 'Sé mo thuairim féin ná raibh
aon fhear i nÉirinn mar é ó cailleadh Oscar. Bhí
claidheamh i ngach láimh leis, mar bhí sé comh-dheas is
comh-chlé, agus bhí a bhuillí chomh trom soin go mbainfidís
greim as aon lúireach do buaileadh ar ionneoin. Níor
thug sé an tarna buille d'éin-fhear is ghabh sé thríotha is
tharsa sé huaire diaidh ar ndiaidh. D'éis an sémhadh
ruthaig ba bheag de'n Bhuidhin Ghlais do bhí 'na seasamh,
agus is mo thuairim gur thuiteadar go léir timcheall
an bhaill mar a bhfuil oifig Chonnartha na Gaedhilge
suidhte i Sráid Uí Chonaill. Do b'as soin ó thuaidh go
coradh Chluain Tairbh bhí an t-éirleach ar fad.



Ghabh na Connachtaigh fá Ó Ceallaigh is Ó hEidhin thré
Lochlannaibh Átha Cliath. Bhí Ó Faoláin na nDéise is
Cárrthaigh Dheas-Mhumhan ag gabháil do sna Danaraibh
do tháinig thar lear, agus bhí Eoghánacht Locha Léin fa Ó
Donnchadha an Ghleanna, is treabha Chiarraighe fá Chian
Ó Shéagha Uibh Ráthaigh, is Ó Failbhe Fionn Chorca
Dhuibhne, ag gabháil do Mhaelmhuire Laighean.



D'éirigh an tÁird-Rí dhá ghlúnaibh i meadhon lae,
ghlaodhuigh sé chuige ar a ghiolla cuirp is chuir sé
tuairisc air cionnus do bhí an cath ag dul. “Tá gal
as na fearaibh is smúit os a gcionn,” adeir sé, “agus is
cosmhail an fothram le glór meithleacha fear ag
leagadh crann le tuaghannaibh; tá meirge Mhurchadha
ar leathadh is brait Dáil gCais 'na thimcheall.”



Ba mhar a chéile an meirge úd Murchadha is meirge
ríghthe na Teamhrach, agus ceapaim gur de shíoda dhearg
do bhí an meirge sin déanta agus deilbh leomhain bhuidhe
fighte thré n-a lár. Bhíodh an brat uaithne ann leis
ag righthibh cúige.



D'athruigh is chóirigh an giolla cuirp peiliúr an
Áird-Ríogh is chrom seisean ar shailmeacht arís go
dúthrachtach. Bhí an cath ag fearadh gan sos ná
staonadh, gleo is uaill is liúghraigh is fuaim claidheamh,
fir anois is arís ag rith i leath-thaoibh, go dtí glaise
cois choille Thómrair, ag sloghadh braoin uisce is ag
tumadh a lámha allasach atthuighthe san uisce ag iarraidh
fuaráin d'fhágháil, is ag rith ar n-ais isteach sa bhruighin.
Do b'iomdha iad a ngníomhartha gaisce.



Um mheadhon lae raob Sígurd isteach ar Dál gCais
is chrom ar iad do ghearradh mar ghearrfadh buainteoir
an coirce, mar bhí lúireach chruaidh uimis ná bainfeadh
aon chlaidheamh dá ghéire greim aisti. Laoch do b'eadh
é leis nár buadhadh riamh air. Chonnaic Murchadh uaidh
é dá n-éirleach is ghearr sé bealach fá n-a dhéin, agus
b'uathbhásach é fothram na beirte ag baint teine-chreasa
as lúireachaibh a chéile. Deir cunntas na Lochlannach
gur phléasg buille de chlaidheamh dheis Mhurchadha
búclaí iarainn chinn-chlogaid Shíguird, is le claidheamh
na láimhe clé gur scoilt sé go crománaibh é.



Lean an bhruighean gharg ar feadh an lae. Ní raibh
aon fhonn teichthe ar aon taobh, agus do chífeá fá mar do
chonnaic Maelsheachlainn do bhí 'na chúl-báire ar árdán
ar imeall an chatha dlaoithe gruaige agus spreacha fola
dá mbreith leis an ngaoith.



Amach sa lá bhí na Gaedhil ag buachtain le duadh, agus
bhris cuid de sna cipíbh gallda, acht níor bh'fhéidir bris-
eadh ortha ar fad, mar bhí dreama díscireacha dhíobh
thall 's i bhfus, agus a dtaoisigh dána ar a gceann. Ba
chosmhail páirc an bhuailte le coill mhóir go mbeadh
bearnaí gearrtha thríthí agus a leath-leagtha, mar bhí taois-
each i bhfuirm bile annso agus ceann eile annsúd, agus
claidhmhthigh i bhfuirm crann 'na dtimcheall.



“Tá meirge Mhurchadha ag druidim soir is siar sa
chath, agus na fir measctha um a chéile,” arsa giolla cuirp
an Áird-Ríogh.



“Ag cur misnigh ar an arm atá an laoch soin. Is
ionmhuin le fearaibh Éireann meirge Mhurchadha, agus troid-
fid le fuinneamh 'na chomhgar,” adeir an tÁird-Rí, agus
chrom ar a urnaighthibh arís.



(ar leanamhaint)



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services