Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cia Shábhálfas an Ghaedhilg?
Title
Cia Shábhálfas an Ghaedhilg?
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 30, 1905. Cia Shábhálfas an Ghaedhilg? Tá an Ghaedhilg i mbéalaibh báis. An féidir í 'shábháil? Is dóigh linn gur féidir. Cia an chaoi sábhalfar í? Níl acht aon bealach amháin. Cia an bhealach é sin? Í 'labhairt. Cia shábhálfas an Ghaedhilg? Ní shábhálfaidh an Sasanach dúinn í. Tá a mhalairt de chúram air siúd. Í 'mharbh- adh b'áil leis-sean, mar is léar dúinn ó n-a bhfuil déanta aige le deir- eannas. Ní thógamuid ar an Sasanach fuath do bheith aige do'n Ghaedhilg. Is dual dó é. Tuigeann sé — rud nach dtuigeann cuid againn féin fós — gurab í an Ghaedhilg an bun is an bar- ánta is treise ag náisiúntacht na hÉireann. Tuigeann sé, má mhaireann an Ghaedhilg, go mairfidh Éire 'n-a náisiún. Tuigeann sé, dá mbeadh Éire Gaedhealach arís ó thráigh go tráigh, nach fada leigfidhe dó-san gabh- áil de chosaibh innti. Is glic an coil- eán é an Sasanach. Cia shábhálfas an Ghaedhilg dúinn? Lucht stiúrtha na sgol? Níorbh' fhéidir leo é, abair is go mbeadh sé d'fhonn féin ortha — rud nach bhfuil ar chuid aca go háirithe. Connradh na Gaedh- ilge? Níl sé ann, an comhaltas ná an connradh d'fhéadfadh teanga tíre do shábháil i n-aimhdheoin muinntire na tíre sin. Tá aon dream amháin a bhfuil sé 'n-a gcumas an Ghaedhilg do shábháil. Cia hiad an dream sin? Muinntir na hÉireann, is go mór- mhór Gaedhilgeoirí na hÉireann. Sibh-se atá ag léigheadh ná bhfocal so, tá sibh ar Ghaedhilgeoiríbh na hÉir- eann. Tá sibh ar an aon dream amháin a bhfuil sé 'n-a gcumas an Ghaedh- ilg do shábháil. Bhfuil a chion féin dá dhéanamh ag gach duine agaibh? “Ní mórán thig liom-sa do dhéan- amh,” arsa duine éigin. Tig leat, ar an gcuid is lugha dhe, an Ghaedhilg do labhairt. Ní fhéadfá rud ní ba thairbhighe do dhéanamh. Bhfuil tú 'ghá dhéanamh sin? Muna bhfuil, cia an chiall duit Connrathóir do ghlaodhach ort féin?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services