An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 30, 1905.
Cia Shábhálfas an Ghaedhilg?
Tá an Ghaedhilg i mbéalaibh báis.
An féidir í 'shábháil? Is dóigh linn gur
féidir. Cia an chaoi sábhalfar í? Níl
acht aon bealach amháin. Cia an bhealach
é sin? Í 'labhairt.
Cia shábhálfas an Ghaedhilg? Ní
shábhálfaidh an Sasanach dúinn í. Tá a
mhalairt de chúram air siúd. Í 'mharbh-
adh b'áil leis-sean, mar is léar dúinn
ó n-a bhfuil déanta aige le deir-
eannas. Ní thógamuid ar an Sasanach
fuath do bheith aige do'n Ghaedhilg. Is
dual dó é. Tuigeann sé — rud nach
dtuigeann cuid againn féin fós —
gurab í an Ghaedhilg an bun is an bar-
ánta is treise ag náisiúntacht na
hÉireann. Tuigeann sé, má mhaireann
an Ghaedhilg, go mairfidh Éire 'n-a
náisiún. Tuigeann sé, dá mbeadh
Éire Gaedhealach arís ó thráigh go
tráigh, nach fada leigfidhe dó-san gabh-
áil de chosaibh innti. Is glic an coil-
eán é an Sasanach.
Cia shábhálfas an Ghaedhilg dúinn?
Lucht stiúrtha na sgol? Níorbh' fhéidir
leo é, abair is go mbeadh sé d'fhonn
féin ortha — rud nach bhfuil ar chuid
aca go háirithe. Connradh na Gaedh-
ilge? Níl sé ann, an comhaltas ná
an connradh d'fhéadfadh teanga tíre
do shábháil i n-aimhdheoin muinntire na
tíre sin. Tá aon dream amháin a
bhfuil sé 'n-a gcumas an Ghaedhilg do
shábháil. Cia hiad an dream sin?
Muinntir na hÉireann, is go mór-
mhór Gaedhilgeoirí na hÉireann.
Sibh-se atá ag léigheadh ná bhfocal
so, tá sibh ar Ghaedhilgeoiríbh na hÉir-
eann. Tá sibh ar an aon dream amháin
a bhfuil sé 'n-a gcumas an Ghaedh-
ilg do shábháil. Bhfuil a chion féin dá
dhéanamh ag gach duine agaibh?
“Ní mórán thig liom-sa do dhéan-
amh,” arsa duine éigin. Tig leat, ar
an gcuid is lugha dhe, an Ghaedhilg do
labhairt. Ní fhéadfá rud ní ba
thairbhighe do dhéanamh. Bhfuil tú 'ghá
dhéanamh sin? Muna bhfuil, cia an
chiall duit Connrathóir do ghlaodhach
ort féin?